Written Answers. - Gabháltais Do Mhuintir na Gaillimhe.Wednesday, 17 November 1954 |
Dáil Éireann Debate
Page of 87
|
Gearóid Mac Pharthaláin:
den Aire Tailte an abróidh sé tuairim is cé mhéad gabháltas a sholáthrós Coimisiún na Talún i rith na bliana airgeadais seo do dhaoine as ceantar cúng na Gaillimhe mar mhalairt ar shean-ghabháltais.
Seosamh Ó Blathmhaic:
Ní féidir a bheith cinnte cionnus a n-éireochaid le scéimeanna imirce, agus dá bhrí sin ni bhéadh in aon meastachán a déanfaí ach tuairim garbh.
Do shóláthruigheadar 42 gabháltaisí d'imircigh as Gaillimh anuraidh agus 42 an bhlian roimhe sin freisin; de réir deallramh, beidh siad indan timcheall an méid chéadna a sholáthrú i rith na bliana airgeadais seo.
| Last Updated: 20/05/2011 05:32:39 |
Page of 87
|