Written Answers. - Báid Iascaigh.Wednesday, 17 November 1954 |
Dáil Éireann Debate
Page of 87
|
Gearóid Mac Pharthaláin:
den Aire Rialtais Aitiúil ar thug sé breithiúnas fós ar an togra chun cuidden [647] airgead as an gCiste Forbartha Náisiúnta a chaitheamh ar scéim a réitíodh i mBrainse an Iascaigh le deich gcinn de bháid iascaigh a sholáthar d'fhoirne sa bhFíor-Ghaeltacht, arna roghnú ag an mBord Iascaigh Mhara.
Pádraig Ó Domhnaill:
Táthar tar éis breithiúnas a thabhairt ar an togra a ndéantar tagairt dó sa cheist. De dhroim an bhreithiúnais sin, féadfar airgead as an gCiste Forbartha Náisiúnta a chur ar fáil, do réir mar a bheas sé ag teastáil, chun críocha na scéime áirthe atá i gceist.
| Last Updated: 20/05/2011 05:32:42 |
Page of 87
|