Private Members' Business. - Polasaí Gaeilge an Rialtais: Tairiscint.

Tuesday, 26 March 1974

Dáil Eireann Debate
Vol. 271 No. 6

First Page Previous Page Page of 53 Next Page Last Page

[770]Mr. Tunney: Information on James C. Tunney  Zoom on James C. Tunney  Tairgim:

Go bhfuil Dáil Éireann míshásta nár fógraíodh fós ón Rialtas aon pholasaí maidir leis an nGaeltacht nó i leith na Gaeilge agus go n-iarrann sí láithreach é.

Chuir mé an tairiscint seo ar chlár na Dála mí ó shin mar go raibh imní agus eagla orm nach raibh an Rialtas nua seo chun a chíon féin a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa ní féidir ná ní ceart dom deighilt a dhéanamh eatorru: brathann an Ghaeilge ar an nGaeltacht, brathann an Ghaeltacht agus forbairt na Gaeltachta ar mhuintir na hÉireann uile. Marach suim a bheith agam sa Ghaeilge ní bheadh níos mó suime agam sa Ghaeltacht mar cheantar nó i muintir na Ghaeltachta ná mar atá agam i muintir Chontae Liatroma, i muintir Chille Dara nó in áit ar bith in Éirinn nach bhfuil suite i Ghaeltacht.

Tá sé ar intinn agam mo chuid smaointe a nochtadh ar an dtairiscint seo chomh maith in Éirinn agus is feidir liom é, chomh réasúnta agus is féidir liom é agus geallaim go ndéanfaidh mé é chomh fada agus is féidir liom é. Tá súil agam go n-éireoidh go geal liom—déanfaidh mé iarracht chomh fada agus is féidir liom é— dearmad glan a déanamh ar an méid adúirt ball amháin den Rialtais mí ó shin. Déanfaidh mé iarracht dearmad a dhéanamh gur tháinig sé anseo um thráthnóna. Is cuma liom ar tháining sé chun mo dhúshlán a thabhairt nó ar tháinig sé—agus tá súil agam gur mar sin atá—chun éisteacht liom agus go mbeidh sé sásta ag deireadh na díospóireachta na rudaí a dúras a chur i gcomórtas leis na rudaí adúirt sé fhéin agus, dá bharr sin gur fearrde an bheirt againn agus gur fearrde muintir na hÉireann uile.

Ó tháinig Fianna Fáil i réim, agus chun a bheith faeráilte caithfear é seo a rá freisin faoin Rialtas a chuaigh rompu, bhí sé mar aidhm acu an Ghaeilge a aibheochan. Níl éinne a thuigeann stair na tíre seo nach ndéarfadh [771] go raibh sin ceart agus cóir agus iontuigthe mar aidhm ag páirtí polaitíochta nó ag Rialtas ar bith sa tír seo. Chuireadar chuige chomh maith in Éireann agus ab fhéidir leo. Bhí deacrachtaí ann. Cheana féin bhí iarracht déanta ag an Rialtas a chuaigh rompu idéal na Gaeilge a chur ar inneal nó machine nach raibh in ann chuige agus, dá bhrí sin, tharla go mór-mhór sna scoileanna agus in áiteacha eile nárbh iad, gur cheap dream áirithe go raibh cinéal áirithe deachtóireachta ag baint leí nó go raibh cinéal míréasúntachta ag baint leis an Ghaeilge.

Tá a fhios ag gach duine atá anseo, sinne go raibh orainn an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil nó a rinne iarracht ar í a fhoghlaim, gur in aghaidh an chórais a rinneamar é. Rinneadh iarracht an aidhm sin a chur ar aghaidh agus níor ghlac lucht an oideachais nach raibh múinteoirí na tíre oilte go maith ná a ndóthain chuige. Ba é an módh céanna a chuireadh i bhfeidhm i dtaobh na Gaeilge a chuireadh i dtaobh na classics—an Laidin agus an Ghréigis. Níos measa ná sin, níl a fhios agam cén fáth, shílfeá gur le sibhialtacht a bhí caite a bhain na ceachtanna agus gach rud eile a bhain le múineadh na Gaeilge. Chuir sin éadóchas ar dhaoine.

Raghainn níos fuide ná sin; chuir sé saghas múisc ar mhicléinn agus ní thógfainn orthu é. Bhí daoine, go mór-mhór muintir na cathrach, ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim tré mhéan na scríobhnóireachta agus na gramadaí. Bhí oiread pléisiúir á fháil ag na daoine as na ceachtanna agus a ghebhaidis as cuairt a thabhairt ar on bhfiaclóir. Ní raibh a fhios agam go bhféadfadh an oiread sin ceachtanna bheith ann a bhain leis an módh coinníollach, an aimsir fháistineach, an ginideach uatha, rudaí atá tábhachtach i gcóras theanga ar bith ach nach raibh feiliúnach do theanga a chur á labhairt ar fud na tíre.

Níl me ag cur milleáin ar éinne. Ag an am ní raibh tuiscint níos fearr ag éinne ar an scéal de réir dealraimh. Is deacair liom a thuiscint cén fáth nár thuig na daoine sin gurbh é an rud is mó a bhí ag teastáil muintir na [772] tíre a chur ag labhairt na Ghaeilge chomh maith agus ab fhéidir leo é agus gur ar labhairt na Gaeilge ba cheart an bhéim a chur i n-ionad ar an scríbhneóireacht nó ar an bpeannadóireacht. De réir a chéile tá an ceacht foghlamtha agus tá a fhios ag chuile dhuine anseo go bhfuil anchreidiúint ag dul don Teachta Pádraig Faulkner faoin curriculum nua a thug sé isteach sna scoileanna. Anois tá an bhéim ar labhairt na Gaeilge go mór-mhór san mbunscoil.

Tá súil agam gur ag feabhsú agus ag láidriú a bhéas an bhéim sin amach anseo agus cé go ndearnadh roinnt mhaith botún ar an dtaobh eile is íontach an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an eolas a chuir daoine ar an nGaeilge. Is íontach ar fad an méid Gaeilge atá, abair, i lár na cathrach anseo ach nach bhfuil na daoine á labhairt. Admhaím é sin agus tuigim go maith é mar níor foghlamaíodar í mar theanga le labhairt. D'foghlamaíodar í mar theanga le scríobh nó le léamh.

Tá imní orm nach mbeidh an Rialtas seo sásta leanúint leis an obair atá déanta go dtí seo. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa tá cead ag chuile dhuine a rogha rud a dhéanamh nó a rá ach is deacair liom a thuiscint cén fá nach nglacfadh duine ar bith de Rialtas na tíre seo go n-aithníonn furmhór mhuintir na tíre nach bhfuil aon chomhartha náisiúntachta níos fearr acu ná an teanga, go n-aithníonn siad go bhfuil sé intuigthe go mbeadh sé mar aidhm agus idéal acu go mbeadh an teanga sin mar meán cumarsáide sa tír amach anseo.

Nílim á rá go bhféadfainn a chruthú go mbeadh sé mar theanga labhartha taobh istigh de chúpla mí nó de chúpla bliain nó roimh dheireadh an chéaid seo ach ba cheart go mbeadh áthas orainn go léir go bhfuil sé mar aidhm agus mar idéal againn an Ghaeilge a bheith á labhairt ó Bhéal Féirste go Corcaigh uair éigin. Measaim nach bhfuil sé sin mí-réasúnta agus admhaím, ag breathnú ar an nGaeilge, gur rud é atá romhainn. Tagann ceo ar an bpeictiúr sin uaireannta ach is é peictiúr [773] ba cheart a bheith ag chuile dhuine ná peictiúr den chaoi ab fhearr do mhuintir na hÉireann a bheith ag maireachtáil lena chéile uair éigin. Sílim go bhfuil ceart ag mo ghasúirí an aidhm sin a bheith acu agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh siad gurbh í sin tuairim an Rialtais is cuma cén Rialtas atá i réim.

Tá daoine ann adéarfadh go bhfuil sé éasca go leor ag Fianna Fáil a bheith ag caint anois agus iad sa bhFreasúra. Tá mé ag smaoineamh an t-am ar fad ar an snaidhm atá idir an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Bheadh sé tráthúil tagairt a dhéanamh do leabhrán eolais Roinn na Gaeltachta a foilsíodh i 1970. Ar leathanach 52 tá litir ón Taoiseach dár dáta an 27 Samhain, 1968, litir a chuir sé chuig gach Aire maidir le forbairt na Gaeltachta. Níl mé chun í go léir a léamh ach ba mhaith liom, le do chead-sa, a Cheann Comhairle, an chéad alt a léamh. Dúirt an Taoiseach:

A Aire, a chara,

Faoi mar is eol duit, tá leagtha síos ag an Rialtas nach foláir an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú cun go bhféadfar an Ghaeilge a shlánú. Is aidhm atá le beartas an Rialtais don Ghaeltacht gníomhaíochtaí oiriúnacha eacnamaíochta a spreagadh agus a fhairsingiú agus cúrsaí sóisialacha a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag na daoine a chónaíonn sa Ghaeltacht agus arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, chum fostaíocht shochrach a fháil agus caighdeán réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Leagadh síos an méid sin ceithre bliana ó shin nuair a bhí an Páipéar Bán um Aibheochan na Gaeilge á ullmhú againn.

Níl imithe ó Fianna Fáil maidir leis an méid atá ansin agus tagairt eile nach iad don Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag Fianna Fáil an Ghaeilge d'athbheochan. Dá n-imeodh an aidhm sin d'imeodh mise agus tá mé cinnte go n-imeodh gach ball de Fhianna Fáil.

Bhí mé ag trácht ar na deacrachtaí [774] a bhain leis an Ghaeilge maidir leis na scoileanna. Theastaigh uaim trácht ar na deacrachtaí a bhain leis an Ghaeltacht féin, maidir le deis mhaireachtála ann. Nuair a tháinig Fianna Fáil isteach ní raibh morán sa Ghaeltacht ach an bochtaineas.

Mr. Begley: Information on Michael Begley  Zoom on Michael Begley  Nuair a bhí sibhse i gcumhacht bhí an bochtaineas ann.

Mr. Tunney: Information on James C. Tunney  Zoom on James C. Tunney  Más sampla den bhochtaineas an Rúnaí Parlaiminte, bail ó Dhia air. An fhaid a leanann sé féin agus a leithéidí ag caitheamh anuas ar Ghaeilge Bhaile Atha Cliath, ní bheidh aon dul ar aghaidh i leith na Gaeilge, agus b'fhéidir go smaoineodh a chara, a bhí ag rá go rabhamar ag éileamh úinéaracht ar an Ghaeilge, caint a thabhairt ar chúirt éigse áit a thugtar le tuiscint nach raibh cead ag éinne taobh amuigh de Dhaingean an Ghaeilge a labhairt, agus tuigfidh sé cuid des na deacrachtaí atá le sárú.

Ní raibh ann acht an bochtaineas nuair d'imigh Fine Gael. Ní thógfainn orthu é. Bhí deacrachtaí ann; bhí bochtaineas in áiteacha eile sa tír seachas an Ghaeltacht an uair úd, agus dob é an gad ba ghoire don scórnach iarracht a dhéanamh na daoine a choinneáil beo. Bhunaigh Fianna Fáil an dole agus bhain sé leis an Ghaeltacht. Bhí imirce ón Ghaeltacht agus go dtí lár na dachaidí bhí saol bocht anróch sa Ghaeltacht.

Diaidh ar ndiaidh—agus níl mise ag rá gur Fianna Fáil amháin a rinne é —tháinig feabhas ar an Ghaeltacht. Bunaíodh Gaeltarra. Bunaíodh miontionscail i dtosach agus níos déanaí ná sin, bhrú mór-thionscail isteach. Cuireadh feabhas ar na bóithre agus ar na tithe, agus tá mise sásta anois go bhfuil slí maireachtála chomh maith ag muintir na Gaeltachta agus atá in áit ar bith.

Tá mé sásta a admháil chomh fada is a bhaineann sé leis an Aire nua go bhfuil seisean chomh dúthrachach faoin obair sin is a bhéinnse nó mo leithéid nó éinne a chuaigh roimhe. Ach tá imní orm go bhfuil an Rialtas seo chun deighilt a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus an chuid eile de mhuintir na hÉireann, gurb é meon [775] an Rúnaí Parlaiminte a thiocfaidh i réim, agus go mbeidh an Rialtas sásta cuidiú leis na daoine atá sa Ghaeltacht fanúint ann agus an Ghaeilge a labhairt ansin, ach gur cuma sa diabhal leo muintir na hÉireann atá fágtha.

Arís chun feabhas a chur ar an scéal, bhunaigh Aire Airgeadais Fhianna Fáil Comhairle na Gaeilge i 1968 nó 1969. Chuala mé uair amháin, dá mba rud é go raibh sé ar intinn agat rud a dhéanamh agus gur theastaigh uait leithscéal, d'fhéadfá coiste a bhunú. Ach má tá sampla ar bith a chruthaíonn, mí-fhírinne an ruda sin, is í Comhairle na Gaeilge í. Bhí ar an gComhairle sin suas le 30 de na daoine ab fhearr sa tír seo chun an scéal a bhreithniú agus chun moltaí a chur os comhair an Rialtais maidir leis an chaoi ab fhearr chun an Ghaeilge a chur in úsáid mar mheán cumarsáide geinearálta agus mar chomhartha féiniúlachta agus comhartha ionannais mhuintir na hÉireann.

Ní gá dom cur in iúl d'éinne go bhfuil suim aige sa cheist cé chomh tábhachtach is atá na tuarascáil sin atá curtha os ár gcomhair ag Comhairle na Gaeilge. Cuireadh ar fáil dúinn freisin—is trua liom nár tháinig sé níos luaithe ná 1972—Gníomh don Ghaeltacht. An chuid is mó des na moltaí atá ansin, tá siad ar eolas ag muintir an Tí seo.

Moladh go mbeadh údarás faoi leith ann don Ghaeltacht. Táim lán-cinnte go raibh sé ar intinn ag Fianna Fáil an moladh sin a chur i ngníomh—go mbeadh údarás ag muintir na Gaeltachta, go mbeadh ionadaíocht ag muintir na Gaeltachta ar an udáras sin. Ach níos tábhachtaí ná sin fós, sampla den dlúth-bhaint atá idir an Ghaeltacht agus an Ghaeilge—tá moladh ansin go mbeadh bord faoi leith ann, Bord na Gaeilge. Dá mbeadh Fianna Fáil in oifig anois, chuirfidís an bord sin ar bun, ghlacfaidís go h-iomlán le moltaí Chomhairle na Gaeilge agus ghlacfaidís le Gníomh don Ghaeltacht. Má tá an tAire is ann a rá liomsa gur mar sin atá beidh mé sásta ansin go bhfuil an Rialtas seo chomh dúthrachtach, chomh dáiríre [776] maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeltacht agus atá mé féin. Tabhair faoi ndeara, a Cheann Comhairle, an caoi ina gcuirimíd an Ghaeilge agus an Ghaeltacht le chéile. Nuair a bheidh an tAire ag caint tá súil agam go mbeidh sé in ann é sin a rá. Ó chuir mé aithne air mar Aire caithfidh mé a admháil nach bhfuair mé uaidh ach an fhírinne ach muna mbíonn sé in ann a rá go bhfuil an Rialtas seo chomh dúthrachtach maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeltacht is a bhí Fianna Fáil agus na Rialtais eile atá imithe tuigfidh mé uaidh é agus ní airsin a chuirfidh mé an milleán.

Scaití tarlaíonn sé go mbíonn comhluadar ag duine nár chuir sé fios orthu nó nach iad an comhluadar is fearr go mba mhaith leis féin a bheith aige ach ina dhiaidh sin is uile measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtiocfadh sé ó Aire na Gaeltachta, go dtiocfadh sé ón Aire Airgeadais, sé sin, nuair nach bhfuil sé tagtha cheana féin ón Taoiseach go bhfuilid i ndáiríre maidir leis an Ghaeilge.

Sul a chríochnóidh mé, ba mhaith liom rud nó dhó eile a luadh. Le bliain nó dhó anuas tá an-chuid cloiste againn faoi seo nó faoi siúd— faoi cheartanna an duine, ceartanna faoin mBunreacht. Cuireann sé íonadh orm go bhfuil roinnt mhaith daoine sa tír seo agus, de réir mar fheicimse é, níl an meas céanna acu ar cheartanna an duine chomh fada a bhaineann sé leis an nGaeilge faoin Bhunreacht agus atá acu ar cheartanna an duine chomh fada is a bhaineann sé leis an “contraception”. A chead féin agus a chiall féin ag chuile dhuine ach léigh mé sa Tribune, Tribune na seachtaine seo caite, go raibh fear os comhair na cúirte ar An Spidéal. Tá riail ann, gan trácht ar na ceartanna atá ag an duine sin faoin mBunreacht go bhfuil dualgas ar ghardaí ansin a gcuid fianaise a thabhairt i nGaeilge. Tá sé iontuigthe go dtuigfeadh muintir na h-áite é. Dúirt breitheamh nach dtabharfadh sé an cead sin agus nach raibh sé chun an riail sin a chur i bhfeidhm. Ní fhaca mé gur tháinig [777] éinne ón Rialtas seo i gcabhair ar an nduine sin. Ní fhaca mé go ndearna aon Aire nó aon Teachta, is cuma ón chathair nó ón Ghaeltacht féin é, aon tagairt do cheartanna an duine sin faoin mBunreacht seo atá againn.

B'fhéidir gurab amhlaidh a thuigeann siad go bhfuil iarracht á dhéanamh go n-imeoidh nó go ndéanfar leasú éigin ar an gceart sin atá ag Éireannach faoin mBunreacht agus go bhfuil daoine san Rialtas nua seo agus gur “embarrassment” dóibh a leithéid a bheith ann nó go gceapann siad gur fearr a bhéas muintir Shasana i ngrá linn má thréigimid an Ghaeilge. Ní féidir liom labhairt ar son na Sasanach ach measaim go dtuigim men ghnáth-dhaoine na tíre seo. Má tá faoi dhuine ar bith san Rialtas nua aon athrú a dhéanamh maidir le staid na Gaeilge maidir le h-aithint na Gaeilge mar theanga náisiúnta na tíre seo mholfainn dó an dara tuairim a bheith aige. Mholfainn dó nó dhóibh nach nglacfaidh muintir na tíre uathu é. Is cinnte nach nglacfaidh muintir Fhianna Fáil uathú é. D'fhéadfá bheith ag trácht ar an gceist seo go maidin agus ní bheadh ráite agat a mba cheart duit a rá. Tá súil agam nach gceapann an tAire go ndúirt mé rud ar bith nár bhain ar a laghad an fhírinne leis. Tá súil agam go dtuigeann sé go dteastaíonn ó mhuintir na tíre seo an Ghaeilge a bheith acu. Aontaíonn siad liomsa agus aontaím féin leo. Thánamar timpeall air de shlí contráilte b'fhéidir ach níl rud ar bith níos luachmhaire againn ná an Ghaeilge. Ní ghlacaimse gur rud í a sháitheann tú isteach le na rudaí go léir atá san dtimpeallacht. Ní ghlacaim leis an dtuairim sin ar chor ar bith. Tá sí ann agus í níos tábhachtaí ná rud ar bith eile. Ní fhásfaidh sí ná ní bheidh toradh uirthi muna bhfaghaidh sí cúnamh. Ní bhfaghaidh sí an cúnamh sin mura mbeidh polasaí nó plean leagtha amach agus faoi láthair tá plean na Gaeilge níos tábhachtaí fós ná plean na Gaeltachta.

An Ceann Comhairle: Information on Seán Treacy  Zoom on Seán Treacy  Táim ag cur in iúl don Teachta go gcaithfidh sé chríochnú i gceann nóiméad nó mar sin.

[778]Mr. Tunney: Information on James C. Tunney  Zoom on James C. Tunney  Go raibh maith agat Tá súil agam go gcuirfidh an tAire ar mo shuaimhneas mé go bhfuil polasaí ag an Rialtas nua, go bhfuil siad sásta an polasaí atá ann agus polasaí a bhéas ann nuair a bhéimíd go léir imithe—ní féidir le haon Rialtas amháin an cheist seo a shocrú —a bhrú ar aghaidh, is cuma cé mhéid atá déanta cheana fhéin, go gcuirfidh siad leis agus go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann agus Bord na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh daoine amach anseo a bheidh freagarthach as an nGaeilge a chur chun cinn—rud nár thárla go dtí seo —daoine a gheobhaidh pé creidiúint a théann le dul chun cinn agus a gheobhaidh pé cáineadh a théann le teipeadh.

An Ceann Comhairle: Information on Seán Treacy  Zoom on Seán Treacy  Caithfidh an Teachta críochnú anois.

Mr. Faulkner: Information on Padraig Faulkner  Zoom on Padraig Faulkner  Is mian liom cuidiú leis an dtairiscint seo agus a rá go bhfuil sé ar intinn agam labhairt faoi amach anseo.

An Ceann Comhairle: Information on Seán Treacy  Zoom on Seán Treacy  Tá an cead sin agat.

Minister for the Gaeltacht (Mr. O'Donnell): Information on Thomas G. O'Donnell  Zoom on Thomas G. O'Donnell  Tairgim an leasú seo a leanas:

Go scriosfar na focail uile i ndiaidh “Dáil Éireann” agus go gcuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:

“ag aontú lena bhfuil fógraithe agus déanta ag an Rialtas le bliain anuas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus leas na Gaeilge.”

Ar dtúis, ba mhaith liom comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Teachta Tunney as ucht é a cheapadh mar phríomh-chainteóir ón bhFreasúra ar chúrsaí na Gaeltachta

Táimse ag iarraidh ar an Teach aontú lena bhfuil fógraithe agus déanta ag an Rialtas le bliain anuas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus leas na Gaeilge. Tá cúiseanna maithe ann go ndéanfaí é sin agus tá beartaithe agam, sa mhéid ama atá ar fáil dom sa díospóireacht seo, tuairisc ar a bhfuil déanta agus á dhéanamh againn a thabhairt mar léiriú ar na cúiseanna sin.

[779] Taispeánann an soláthar méadaithe atá againn i Vóta Roinn na Gaeltachta don bhliain airgeadais 1973-74 £3,828,000 san iomlán i gcomparáid le £2,784,000 a caitheadh ar na seirbhísí céanna sa bhliain airgeadais 1972-73. Chomh maith leis an soláthar sa Vóta cuirtear airleacain ar fáil do Ghaeltarra as an bPríomh-Chiste: £2 mhilliún atá i gceist sa bhliain 1973-74 i gcomparáid le £1.17 milliún sa bhliain 1972-73. Is léir mar sin gur thug an Rialtas seo méadú mór—beagnach 50 faoin gcéad—don Roinn agus do Ghaeltarra chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn le bliain anuas. Más fíor gurb é an t-airgead a labhraíonn i gcúrsaí mar seo, ba chóir go mbeadh deascéalta le cloisteáil ar fud na Gaeltachta—agus creidim go bhfuil. B'fhéidir nach fearr rud a dhéanfainn ná tuairise ghairid a thabhairt ar an obair a rinneadh ó mhí Aibreáin seo caite go dtí tús na Márta i mbliana.

Faoi na scéimeanna tithíochta críochnaíodh cásanna mar a leanas:

180 teach nua

200 feabhsú tí

180 seomra folcaidh

150 soláthar uisce

180 saoráidí séarachais

50 feabhsú uisce agus séarachais

35 mhéadú speisialta do chuairteoirí agus

16 shealla saoire

Tá Bille nua Tithíochta á ullmhú faoi láthair agus tabharfar isteach sa Dáil é a luaithe is féidir. Tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí ann uaireanta le foráil na Gaeilge sna hAchtanna sin agus tá machnamh á dhéanamh agam d'fhonn teacht ar bhealach éigin chun na deacrachtaí sin a shárú agus labhairt na Gaeilge a chothú agus a neartú ag an am céanna.

Foilsíodh, le déanaí, eagrán 1974 de leabhrán na Roinne Tithe Iostais do Chuairteoirí Gaeltachta. Beagnach 900 teach ina bhfuil breis agus 3,000 seomra leapa atá sa liosta i mbliana agus tá sé ag dul i méid ó bhliain go bliain.

I gcás na scéimeanna feabhsúcháin rinneadh obair mar seo a leanas:

[780] 100 feabhsú bóthair áise 650 foirgneamh feirme 1,450 feabhsú plásán féaraigh, agus 1,100 feabhsú thionscadal talún

Tá feabhas á chur i gcónaí ar áiteanna calaíochta beaga ar fud na Gaeltachta agus, ar ndóigh, bíonn muirobreacha móra á ndéanamh chomh maith. Tá oibreacha i gcuan an Daingin a chosnóidh breis agus £160,000 beagnach críochnaithe agus tá tús curtha leis na hoibreacha i Ros an Mhíl a chosnóidh £500,000.

Tugadh tuilleadh cabhrach do chomharchumainn Ghaeltachta agus tá spéis an phobail sa chomharaíocht ag dul i méid i gcónaí. Is dea-thuar é sin don Ghaeltacht. Le bliain anuas ceadaíodh deontais don chéad uair do thrí chomharchumann i nGaeltacht Chiarraí, dhá cheann i nGaeltacht Chorcaí agus ceann i nGaeltacht Mhaigh Eo. Ceadaíodh deontas speisialta do Chomharchumann Forbartha Acla chun aonad beathaithe uan a thógáil. Is mór agam an obair atá ar siúl ag na comharchumainn Ghaeltachta agus tá súil agam go leanfar de níos treise fós feasta. Faoi mar atá ráite go minic agam, is é mo thuairim láidir go bhfuil an-tábhacht sa chomharaíocht chun brostú le dul chun cinn rathúil sa Ghaeltacht.

Maidir leis na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha, is eol don Teach gur shocraigh an Rialtas deontas na mban tí Gaeltachta a dhúbailt i gcás na ndaltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tháinig de sin gur íocamar beagnach £320,000 leis na mná tí i leith breis agus 13,000 dalta a d'fhreastail cúrsaí an tsamhraidh seo caite. I rith na bliana freisin chuir mé gearrscannán daite Gaeilge An Ghaeilge Bheo á dhéanamh chun cabhrú le gnóthaí cuartaíochta sa Ghaeltacht agus, go háirithe, leis na coláistí Gaeilge ann. Tá an scannán á thaispeáint faoi láthair i scoileanna ar fud na tíre.

Tá socraithe agam freisin cabhair a chur ar fáil do choláistí áirithe a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge go speisialta lasmuigh den Ghaeltacht agus a chuireann cúrsaí ar siúl do dhaltaí i rith an tsamhraidh. Tiocfadh an socrú sin i bhfeidhm an samhradh seo chugainn.

[781] Tá scéim ar láimh agam chun scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí a dhéanann freastal ar chúrsa trí Ghaeilge sna coláistí réigiúnacha teicneolaíochta. Cúrsa amháin den chineál sin atá ar siúl faoi láthair— i nGaillimh—agus beidh tairbhe na scéime ar fáil do dhaltaí oiriúnacha atá ag freastal ar an gcúrsa sin.

Mhéadaíomar na deontais do na heagrais Ghaeilge freisin. Ach cur chuige i gceart tig le heagrais dheonacha a lán a dhéanamh chun an gnáthphobal a thabhairt tuilleadh i dtreo na Gaeilge agus nós labhartha na teanga a leathnú ina measc.

Thug mé scéim nua isteach chun iriseoireacht áitiúil a spreagadh i gceantair Ghaeltachta. Tá deontais á dtabhairt againn faoin scéim d'irisí áitiúla a fhoilsítear go tráthrialta sa Ghaeltacht. Tá dóchas agam agus táim cinnte de go gcabhróidh an scéim seo le scríobh agus le léamh na Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta féin.

Bhí áthas orm le déanaí freisin nuair a fuair mé deis teacht i gcabhair ar lucht Siamsa Tíre san obair thábhachtach atá ar siúl acu ar mhaithe leis an teanga agus leis an gcultúr dúchais. Tá deontas £50,000 geallta agam ar choinníollacha áirithe don amharclann agus do na tithe siamsa atá le tógáil acu i gCiarraí agus beidh tacaíocht den mhéid céanna le fáil acu ó Bhord Fáilte Éireann.

Is ábhar sásaimh dom go bhfuil dul ar aghaidh maith déanta ag Gaeltarra Éireann ó thosach na bliana airgeadais. Tabharfaidh mé samplaí don Teach:—

(1) I dtús na bliana airgeadais cheap mé cúig chomhalta nua ar an mbord ar a raibh triúr ón nGaeltacht—thuaidh, thiar agus theas— feidhmeannach ceardchumainn agus feidhmeannach sinsireach ón Údarás Forbartha Tionscail. Rinne mé é sin chun forbairt na Gaeltachta a thabhairt isteach i mórshruth na forbartha náisiúnta agus chun teagmháil níos dlúithe a choimeád le pobal na Gaeltachta.

(2) Chuir mé in iúl do Ghaeltarra go bhféadfaí uasmhéid an deontais [782] do mhiontionscail a ardú ó £20,000 go dtí £40,000.

(3) Thug Gaeltarra an idirbheartaíocht do 17 gcomhthionscal nua chun dea-chríche. Chabhraigh siad le 60 miontionscal—nach mbíonn siad féin páirteach iontu—a bhunú agus thug siad breis cúnaimh d'fhonn 28 miontionscal a bhí ann cheana a mhéadú. Cuirfidh na tograí sin ar fad, idir bheag agus mhór, fostaíocht ar fáil do bhreis agus míle duine ach iad a bheith faoi lánseol.

(4) Tá Coiste Ceardaíochta bunaithe ag Gaeltarra chun oiliúint agus beartas ceardaíochta a fhorbairt.

(5) Bhunaigh Gaeltarra caidreamh níos dlúithe leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus leis an bhForas Talúntais.

(6) Tá staidéar déanta ar a mhéad is féidir calafoirt iascaireachta a fhorbairt agus tá Gaeltarra tar éis cabhair a thabhairt do mhonarchan éisc in Ailt an Chorráin agus sa Daingean.

(7) Ar iarratas uaimse rinne Gaeltarra staidéar speisialta ar na hoileáin Ghaeltachta agus cheap siad oifigeach speisialta chun freastal ar na daoine agus cúrsaí a fheabhsú agus a fhorbairt. Ba mhaith liom a rá ag an bpoinnte seo go bhfuil dul chun chinn an-mhaith déanta maidir le forbairt na Gaeltachta agus gur cheadaigh bord Ghaeltarra Éireann an Luan seo caite tionscal mór do Oileán Inismór.

(8) Chuir Gaeltarra ionadaí ar an gCoiste Cuartaíochta a bhunaigh mé sa Roinn agus atá ag cabhrú chun beartas cuartaíochta a fheidhmiú a rachaidh chun tairbhe do phobal na Gaeltachta agus don Ghaeilge chomh maith.

(9) Is faoi scáth Ghaeltarra a cuireadh an Taispeántas “An Ghaeltacht Bheo” ar siúl i mBaile Átha Cliath i dtosach an tsamhraidh seo caite—rud a chabhraigh le saoire sa Ghaeltacht—agus cuireadh taispeántais eile ar siúl i dTrá Lí agus i Luimneach ó shin.

[783] (10) Cuireadh cúrsaí nua traenála ar siúl san aonad oiliúna atá á reachtáil i nGaoth Dobhair ag AnCO. Cúis áthais dom a rá go bhfuil deontas suas le £100,000 ceadaithe ag Ciste Sóisialach na hEorpa chun cabhrú le cúrsaí oiliúna sa Ghaeltacht agus tá iarratas eile curtha ar aghaidh chuig an gciste.

(11) Rinneadh staidéar speisialta ar chúrsaí iompair agus cumarsáide agus thug mé cead chun go nglacfadh Gaeltarra páirt le hAer Árann i gcomhlacht nua aeriompair chun cúrsaí cumarsáide a fheabhsú i gceantair Ghaeltachta. Ní gá dhom a rá go gcabhróchfaidh an aer seirbhís nua go mór chun forbairt na Gaeltachta a bhrostú.

(12) Cuireadh tús le sraith seimineár forbartha d'fhonn an pobal i ngach ceantar Gaeltachta a ghríosadh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialach agus chultúrtha. D'fhonn tacú leis an gcuspóir sin chuir mé tús freisin leis an gcomórtas forbartha—comórtas a bhfuil duaiseanna fiúntacha ar fáil dó. Tá sé beartaithe ag Gaeltarra seimineár mar sin a chur ar siúl i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. D'éirigh go han-mhaith leis na seimineáir a chuir Gaeltarra ar siúl i dTuar Mhic Eadaigh agus i gCorr na Móna. De thoradh na seimineár sin táthar tar éis comharchumann nua a bhunú i nDúiche Sheoigheach i gConamara.

(13) Rinne Gaeltarra socrú leis an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta (NBA) chun 72 theach a thógáil i nGaoth Dobhair—an chéad uair a bhfuil togra á chur i gcrích ag NBA sa Ghaeltacht. Tá comhchainteanna are siúl faoi láthair maidir le roinnt scéimeanna eile.

(14) Rinneadh teagmháil nua le Comhphobail na hEorpa agus tháinig ionadaithe ón gCoiste Sóisialach agus Eacnamaíoch dhá uair ar chuairt chun na Gaeltachta le sé mhí anuas.

Faoi mar atá fógraithe go poiblí agam cheana féin tá socraithe ag an Rialtas Údarás nua Gaeltachta a bhunú. Beidh cumhachtaí leathana ag an [784] Údarás agus rannpháirtíocht ag pobal na Gaeltachta ann chun clár uileghabhálach don Ghaeltacht a chur i ngníomh. Beidh eagrú, structúr, feidhmeanna agus cumhachtaí an Údaráis nua ag teacht leis na príomh-mholtaí atá i nGníomh don Ghaeltacht. An tÚdarás nua, a mbeidh bord naoi gcomhaltaí acu, glacfaidh siad chucu feidhmeanna forbartha atá faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann agus tabharfar dóibh freisin aon fheidhmeanna nua is gá ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach, theangaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta. Táthar i mbun oibre chun an reachtaíocht a bheidh ag teastáil a ullmhú chomh tapaidh agus is féidir lena tabhairt faoi bhráid na Dála.

Tá sé fíor-riachtanach i gcás an Údaráis go mbeidh guth díreach ag pobal áitiúil na Gaeltachta—agus áirím go sonrach muintir na n-oileán—ina fheidhmiú agus go mbeidh tionchar láidir acu ar mhúnlú a chuid beartas agus gníomhartha, dá gceantair féin chomh maith leis an nGaeltacht ina hiomláine.

Chuige sin bunófar trí bhord chúigíocha d'ionadaithe phobal na Gaeltachta agus ainmneoidh gach ceann de na boird sin duine lena cheapadh ag an Aire ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Níl i gceist ag an bpointe seo coistí Gaeltachta de na comhairlí contae a bhunú sa chóras rialtais áitiúil. Trí Údarás na Gaeltachta agus na boird chúigíocha cuirfear bealaí soiléire cumarsáide ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus cabhrófar chun obair riachtanach a chur i gcrích go héifeachtach agus ag an am céanna comhplé iomlán agus aontacht cuspóra agus gníomhaíochta a bhaint amach ar an mbonn áitiúil.

An taithí atá go dtí seo i gcúrsaí forbartha sa Ghaeltacht cruthaíonn sí gan amhras dá laghad gur trí chomharchumainn de chuid an phobail is féidir an gníomh is éifeachtaí a dhéanamh ar an mbonn áitiúil. As pobal-fhorbairt trí ghníomhartha comharaíochta is fearr a thiocfaidh forbairt na Gaeltachta [785] agus beidh an chéad tosaíocht le tabhairt dó sin i gclár oibre an Údaráis nua.

Tuigeann an Rialtas gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus ár gcultúir. Beartais fhorbartha, dá fheabhas iad, a laghdódh úsáid na teanga aithnímid go dteipfeadh orthu dá dheasca sin a mbun-aidhmeanna a bhaint amach. Dá bhrí sin caithfidh an clár forbartha nua aire speisialta a thabhairt do neartú agus do mhéadú úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ná bíodh amhras ar aon duine: tá aigne an Rialtais leagtha go daingean ar chlár bríomhar oibre a fheidhmiú ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach, theangaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta. Tá a chruthú sin tugtha go maith cheana againn sa chéad bhliain i gcúram oifige dúinn.

Anois nuair atá an beart is gá á dhéanamh chun go mairfidh an Ghaeltacht, tá an Rialtas ag díriú ar cheist thábhachtach na Gaeilge feasta sa chuid eile den tír. Léiríodh sa ráiteas faoina gcuspóirí a d'eisigh páirtithe an Chomhrialtais roimh an olltoghchán gurb é an beartas a bheadh ag an Rialtas ná meas ar an nGaeilge a chothú agus an teanga féin a chur chun cinn. Faoi mar a dúirt an Taoiseach tamaillín ó shin, is é aidhm an Rialtais an Ghaeilge a bhuanú trí bheartais réalaíocha a bheith ceaptha chun tacaíocht an phobail a fháil leo. Féachfaimid chuige go mbeidh gach cabhair le fáil dóibh siúd a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a bheith mar theanga acu ag baile agus ina saol poiblí. Táimid, sé sin an Rialtas, ag iarraidh teacht ar an tslí is fhearr chun a áiteamh ar an bpobal i gcoitinne suim a chur sa Ghaeilge. Le cúnamh Dé agus le cabhair mhuintir na hÉireann éireoidh linn go léir i dteannta a chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí an-áthas orm go raibh deis ag an Taoiseach cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chonamara le déanaí agus breathnú ar chuid den dul chun cinn atá déanta ann. Faoi mar a dúirt sé ar an ócáid sin tá dóchas aige—agus tá súil agam go bhfuil dóchas againn go léir ar gach taobh den Teach seo—[786] gur féidir, taobh istigh de réim chultúrtha na Gaeltachta, saol eacnamaíoch a fhorbairt a bheidh chun leasa na muintire a chónaíonn ann agus arb í a dtoil fanacht ann.

Is é mo thuairim féin gurb é an lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta an rud is tabhachtaí ar fad. Ní beag a bhfuil déanta sa treo sin i rith na bliana. I dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, tá thart faoi 2,500 duine ag obair agus is le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh. Is fuirist a rá go mbeidh lánfhostaíocht ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sna seachtóidí ach ní fuirist é a dhéanamh. Tá deacrachtaí móra ann. Ach tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra agus tá súil agam go leanfar leis an dul chun cinn sin nuair a bheidh an t-Údarás nua bunaithe. Na tograí go léir a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh, meastar go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheidh siad faoi lánseol. Is ábhar misnigh na figiúirí sin agus is tuar dóchais gur tháinig méadú ar na tograí sin le déanaí. Is cúis sásaimh comh maith é go bhfuil níos mó de na mórthionsclóirí sa tír seo agus thar lear ag glacadh páirte i bhforbairt tionscail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sprid na fiontraíochta ag fás i muintir na Gaeltachta féin. Tá gach iarracht á déanamh d'fhonn an ráta forbartha a mhéadú tuilleadh agus chuige sin beidh lámh chúnta de dhíth orainn ó gach aird.

Is mar chuid bhunúsach inmharthana dár náisiún a fhéachaimse ar na ceantair Ghaeltachta. Féachaim romham ar thionchar na gceantar sin ag leathnú amach agus ag dul i bhfeidhm ar na réigiúin Bhreac-Ghaeltachta agus ar na réigiúin neamh-Ghaeltachta i gcaoi go mbeidh an tír iomlán páirteach ar ball in oidhreacht luachmhar chultúrtha na Gaeltachta. Mar fhocal deireannach ba mhaith liom an méid seo a leanas as Gníomh don Ghaeltacht a léamh. Agus traoslaím do na daoine san Údarás Saoraerfort na Sionnaine agus sa Ghaeltarra a chuir an tuarascáil sin le chéile.

[787] Ar leathanach 8 tá ráite:

Beidh rathúnas na Gaeltachta ina chuid den rathúnas náisiúnta, agus ag brath air. An clár agus an eagraíocht a mholaimid, cuirfidh siad ar a cumas don Ghaeltacht an sciar iomlán is dual di a dhéanamh, agus an sciar atá dlite di a fháil, maidir le cur chun cinn an rathúnais náisiúnta. Thairis sin, cuirfidh sé ar a cumas don Ghaeltacht cúnamh a thabhairt, as a teanga agus as a cultúr ina iomláine, i bhfás phobal a bheadh muiníneach as a náisiúntacht.

Mr. Faulkner: Information on Padraig Faulkner  Zoom on Padraig Faulkner  Sílim go dtiocfadh liom a rá nach bhfuil mórán cuidithe do mhuintir na Gaeltachta sa mhéid atá ráite ag an Aire anseo inniu. Taobh amuigh den mhéid atá ráite aige faoi Údarás na Gaeltachta is beag atá nua san óráid a thug sé. Ón taithí atá agam féin ar Roinn na Gaeltachta is beag rud úr atá le feiceáil sa mhéid atá ráit ag an Aire thar an méid a bhí ann nuair a bhí muidne i gcumhacht. I leith Údarás na Gaeilge níl ráite aige ach amháin go mbeidh cumachtaí leathain ag an Údarás, ach go fóill níl a fhios againn cad is ciall le sin agus caithfimid fanacht go dtí go bhfeicimid an chéad uair eile a thagann sé os comhair na Dála go díreach cad atá i gceist aige.

Deir sé sa ráiteas anseo fosta nach bhfuil sé i gceist ag an bpoinnte seo coistí Gaeltachta de na comhairlí contae a bhunú sa córas Rialtais Áitiúil. Thiocfadh liomsa a rá nach é amháin nach bhfuil sé i gceist sin a dhéanamh ach sa mhéid atá dhá dhéanamh ag an Aire Rialtais Áitiúil faoi láthair i leith na ceantracha ins na contaethe éagsúla faoi chóras na gcomhairlí contae tá sé— má tá an rud a léigh mé mésa pháipéar fíor—tá sé ag déanamh dhá chuid den Ghaeltacht i nGaillimh.

Baineann an tairiscint seo atá curtha síos ag an Teachta Tunney le forbairt na Gaeltachta agus le h-aibheochan na Gaeilge agus tá dlúthbhaint idir an dá rud mar aithníonn achan duine a bhfuil suim aige in aibheochan na Gaeilge gur beag an [788] seans a bheadh againn ins na laethe atá ann inniu go mór-mhór an Ghaeilge a aibheochan mar mheán cumarsáide sa tír seo gan an Ghaeltacht ní hamháin a bheith beo acht a bheith ag neartú agus ag leathnú. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann adéarfadh go dtig teanga aibheochan is cuma an mbeadh an teanga sin á labhairt mar teanga labharta na ndaoine nó mar gnáth-theanga na ndaoine agus tugann siad an Eabhrais mar shampla dúinn ar sin. Acht bhí toscaí ag cuidiú le h-aibheochan na hEabhraise nach bhfuil i gceist i leith aibheochan na Gaeilge agus, ar an ábhar sin, ní thig linn comparáid a dhéanamh idir an dá chás a bheadh cruinn. Caithfidh muid mar sin ar an gcéad dul síos gach ar féidir linn a dhéanamh leis an Ghaeltacht a neartú agus a fhorbairt má tá muid dáiríre fá aibheochan na Gaeilge.

Tig liom a rá fosta go bhfuil, mar adéarfá, an taobh eile den bhonn fíor chomh maith, sé sin, nach bhfuil i mo bharúil-sa seans ar bith ann go mairfidh agus go leanóidh an Ghaeltacht mura bhfuil sé soiléir do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil na daoine sa chuid sin den tír taobh amuigh den Ghaeltacht dáiríre fá aibheochan na Gaeilge. Mura raibh sé seo fíor tá sé cinnte de réir a chéile go n-imeoídh an Ghaelacht as. Ar an ábhar sin, tá muintir na Gaeltachta ag braith orainne ó thaobh na Gaeilge a fhoghlaim chomh mór agus atá muide ag braith ar mhuintir na Gaeltachta leis an teanga, mar adéarfá, a thabhairt dúinn. Ar an ábhar sin, tá sé fíor go bhfuil súile mhuintir na Gaeltachta dírithe ar na daoine atá ina gcónaí sa Ghalltacht, ar an Rialtas agus ar achan duine go mba cheart dófa a bheith ag cuidiú agus ag cur suime i n-athbheochan na Gaeilge.

Tá rud amháin cinnte faoi dtaobh de pholasaí an Rialtais seo agus sé sin nach dtiocfadh leat a rá go bhfuil ganntanas briathar, nó ganntanas focal, nó ganntanas geallúintí ann acht beart de réir a mbriathar sin ceist eile agus, mar adúirt mé, níl mórán de sin le feiceáil go fóill agus ní híonadh go bhfuil muintir na Gaeltachta ag éirí rud beag tuirseach den rud uilig. Sí an Ghaeilge gnáth-theanga [789] mhuintir na Ghaeltachta. Leagaim béim ar an bhfocal “daoine” mar gan daoine ní thig teanga ar bith a bheith beo. Go ginearálta tá an talamh go holc sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de áiteacha áirithe go mór-mhór ins na laetha atá inniu ann ní thig leis na daoine a bheith beo ar an dtalmhaíocht amháin. Bhí an imirce i gcónaí go tiubh sa Ghaeltacht go dtí na blianta deireanacha seo agus gí go dtiocfadh leat a rá gur galar nimhneach a bhí san imirce ó áit ar bith in Éirinn ba sheacht mheasa an galar í ón Ghaeltacht chionns go raibh sé ina chéadchodán níos aoirde ná mar ba ghnáthach sa tír ar fad ach go mór-mhór chionns go raibh an aos óg a raibh an Ghaeilge mar ghnáththeanga acu ag fágáil na tíre seo agus gur cailliúint sin nach dtiocfadh a shárú.

Tá gnéithe aiceanta sa Ghaeltacht gur féidir iad a fheabhsú agus obair a chur ar fáil do na daoine dá bharr sin. Dúirt mé nach féidir slí bheatha gur fiú le rá a bhaint amach as an talamh ach ag an am céanna is féidir feabhas a chur ar an talamh ins an dóigh gur féidir leis an feilmeoir níos mó a shaothrú. Tá portaigh sa Ghaeltacht agus leis an athrú atá tagtha ar an saol ó thárla na deacrachtaí fán íle is luachmhaire iad anois ná mar bhí siad ariamh. Tá an fharraige thart ar an Ghaeltacht uilig agus tig forbairt a dhéanamh i gcúrsaí iascaireachta. Tá áilneacht nádúrtha ag baint leis an Ghaeltacht nach bhfuil a shárú le fáil i n-áit ar bith agus tig forbairt a dhéanamh sa turasóireacht. Dóigheanna iad seo uilig le obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus caithfidh achan duine a chuir suim ariamh ins an méid a bhí dhá dhéanamh sa Ghaeltacht a aithint go ndearna Fianna Fáil, nuair a bhí siad i gcumhacht, sár-obair leis na cúrsaí seo a fheabhsú agus, mar adúirt mé, is beag atá ins an mhéid atá ráite ag an Aire inniu acht tagairt a dhéanamh do na scéimeanna sin a bhí ann agus cuireadh tuilleadh airgid ar fáil dófa. Acht ní thiocfadh leat óráid Aire na Gaeltachta ar bith a léiriú ag cur na meastacháin os cómhair na Dála nach mbeadh níos mó airgid [790] curtha ar fáil bliain indiaidh a chéile don Ghaeltacht.

Bhí mé féin den bharúil i gcónaíagus bhí an-taithí agam ar an Ghaeltacht sul a dheachaigh mé isteach i Roinn na Gaeltachta—gurbh é an dóigh ab fhearr le hobair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ná fríd an tionsclaíocht a fhorbairt—na mór-thionscail agus na beag-thionscail. B'shin an dóigh go dtiocfadh leat deireadh a chur leis an imirce. B'shin an bun-chloch a thiocfadh leat a rá a bhí faoi pholasaí Fhianna Fáil i leith na Gaeltachta agus tá cruthú éifeacht an pholasaí sin le feiceáil sa mhéid go bhfuil ní é amháin stop curtha leis an imirce ach go bhfuil muintir na Gaeltachta ag teacht abhaile arís le tamall, le roinnt blianta anuas agus ag socrú síos sa Ghaeltacht. Is cuimhin liom féin an t-am nach raibh ach páiste amháin i Rann na Feirste a bhí faoi bhun-aois scoile agus sa lá atá inniu ann tá scoil trí oide ann agus ní dóigh liom gur gá dhom mórán eile a rá faoi dtaobh de sin.

Tá an Rialtas seo i gcumhacht anois ar feadh bliana agus goidé atá déanta acu i leith na Gaeltachta? Taobh amuigh de roinnt rudaí a bhí réidh againn sul a dtáinig siad sin i gcumhacht is beag rud íontach atá le feiceáil déanta. Chuaigh Aire na Gaeltachta thart ar an Ghaeltacht ag gabháil chuig cruinnithe agus ag caint leis na daoine, rud a rinne Airí agus Rúnaithe Parlaiminte a bhí ann roimhe. An t-aon rud amháin a dtiocfadh leat a rá ná gur sháraigh an tAire seo iad uilig ó thaobh an méid poiblíochta a d'éirigh leis fháil ins na páipéirí. Ní chuireann sé sin íontas orainn mar sin an saghas foirm Rialtais, mar adéarfá, atá ag cuid mhaith de na hAirí ins an gComhrialtas. Tá gealltanaisí tugtha ag an Rialtas atá chomh tiubh le míoltógaí ar an Caorán Mhór ach is beag, mar adúirt mé, gur fiú le rá an méid atá déanta.

Do lua an tAire nuair a bhí sé ag caint fá go ndeachaigh an Taoiseach go dtí an Ghaeltacht. Tá sé sin fíor ach shíl muid uilig agus shíl muintir na Gaeltachta go mbeadh fógra thar an choitiann le déanamh aige nuair a bheadh sé ann. Bhain sé fód le tús a [791] chur le scéim Fianna Fáil i Ros a' Mhíl agus tháinig sé ar arais go Baile Átha Cliath agus sin an méid a chuala muid ó shin faoi dtaobh do. Tá dearfacht go ndeachaigh an Taoiseach go dtí an Cheathrú Rua leis an bhfógra sin a thabhairt ceart go leor ach nuair a chuaigh sé ann b'fhacthas dó go raibh i bhfad níos mó dhá iarraidh ag muintir na Gaeltachta ná mar a bhí seisean réidh lena thabhairt dófa agus chinn sé a theacht abhaile gan a dhath eile a rá agus, mar adúirt mé tamall ó shin, tá muintir na Gaeltachta ag eirí tuirseach de na cineál geáitsí sin.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire fosta faoi dtaobh de na coláistí samhraidh. Tá sé cinnte go ndéanfaidh an cinneadh faoin Ghaeilge sna scrúdaithe dochar dófa sin. Tá fhios agam go dtig leis an Aire a rá má ghlacann tú na figiúirí go ginearálta nach dtáinig laghdú ar bith orthu i mbliana. Tá a fhios ag an Aire go maith go raibh an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí ag an am a chuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach ins na scoileanna agus, ar an ábhar sin, nach raibh seans ann go dtiocfadh laghdú orthu go luath acht amach anseo tá sé cinnte go mbeidh an difear le feiceáil nuair a éireoidh cuid de na scoláirí as an Ghaeilge a fhoghlaim ins na scoileanna agus an Ghaeilge a ghlacadh mar ábhar scrúdú. Caithfidh mé a rá mar bhí cleachtadh agamsa ar na coláistí Gaeilge ar feadh na blianta gur cuidiú an-mhór a bhí iontu sin d'eacnamaíocht na Gaeltachta agus go mór-mhór le breis airgid a chur ar fáil do na mná tí.

Tá athrú eile déanta ag an Aire fosta faoi dtaobh de an méid páistí a dtig leo a bheith i leaba amháin. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé go mór i bhfabhar le sin ach bheinn i bhfad níos sásta dá shílfinn gurbh é an fáth a bhí leis an athrú ná cúrsaí sláinte agus nach ag déanamh réidh le leithscéal a bheith ann má thagann laghdú ar na huimhreacha sa Ghaeltacht. Do lua sé freisin go raibh sé socraithe aige cabhair a chur ar fáil do choláistí áirithe a bhíonn ag dul don Ghaeilge go speisialta lasmuigh den Ghaeltacht. Ní abródh mé faoi [792] sin ach gur cuireadh brú mór ormsa nuair a bhí mé san Roinn sin an chabhair sin a thabhairt agus gí go n-admhaím go gcuidíonn na coláistí sin go mór leis an nGaeilge agus go bhfuil na daoine atá ina mbun íontach dáiríre, bhí eagla ormsa i gcónaí dá dtabharfainn deontaisí dóibh sin go rachadh na páistí chucu i n-ionad dul go dtí an Ghaeltacht agus shíl mise gurbh é an rud is tábhachtaí ina leith sin ná go smaoiteodh Aire na Gaeltachta i gconaí ar an Ghaeltacht.

Anois tá cultúr dá gcuid féin againn cultúr atá bunaithe ar theanga ár sinnsir. An teanga in mo bharúil-sa an gné is tábhachtaí de chultúr ar bith agus ba mhaith liom a rá nach “bog culture” ar bith é. Sin an rud ar mhaith leis an Aire Poist agus Telegrafa a chur in iúl ach cultúr uasal saibhir a rinneadh a fhorbairt ar feadh 2,000 bliain dár stair.

(Cur isteach.)

Mr. Faulkner: Information on Padraig Faulkner  Zoom on Padraig Faulkner  Beidh seans ag an Aire labhairt más mian leis i gceann tamall. Tá sé ag caint. Fear éirimiúil é an tAire agus fear go bhfuil deis a labhartha aige ach níl Éireannaigh muiníneach as agus tá áthas orm go bhfuil sé anseo agus nach bhfuil mé ag rá na rudaí atá le rá agam fhad is atá sé taobh amuigh den Teach. Tá sé le feiceáil níos soiléire ná ariamh nach bhfuil muinín acu as má éisteann tú leis na barúlaí atá ag na gnáth-dhaoine don pháirt atá á ghlacadh aige sin i gcursaí idirnáisiúnta. Tá siad íontach imníoch faoi cé go gcónaíonn sé ina measc ní ghlacann Éireannaigh leis mar dhuine díobhtha féin é agus tá a fhios acu go rí mhaith dá mba gurbh é an “in thing” é an lá atá inniu a bheith ar mhaithe leis an críochdheighilt go mbeadh na rudaí searúsacha céanna le rá aige faoi dtaobh de sin agus atá le rá aige faoin nGaeilge agus má tá cruthú a dhíth ar dhuine ar bith fá sin tá sé le feiceáiil sa leabhar úd a scríobh sé fá The States of Ireland. I mo bharúil féin ón méid atá ráite ag an Aire, in intinn an Aire Poist agus Telegrafa is “bogmen” muid uilig ach é féin agus scaifte beag daoine eile a shiúilfeadh thart mar adéarfadh sean-mhúinteoir a bhí agam fad ó shin ins na ciorcail is fearr. Caithfidh mé rá go raibh a [793] leithéid ann i gcónaí in ár stair. B'fhéidir in achan glún. D'imigh siad sin agus bhí na “bogmen” ann go fóill.

An rud is mó ar mhaith liomsa fhios a bheith agam faoi ná an n-aontaíonn an Rialtas agus baill an Rialtais leis an méid atá ráite ag an Aire Poist agus Telegrafa. An ionann an polasaí atá curtha ar aghaidh aige sin sna hóráidí atá tugtha aige ar na mallaibh, an ionann iad sin agus na barúla atá ag, cuir i gcás, Aire na Gaeltachta? Níl a fhios againn agus, mar adúirt mé, ní fhaca muid óráid ná a dhath ó dhuine ar bith díofa le fáil amach goidé an dearcadh atá acu. Chonaic mé ar na mallaibh an tseachtain seo caite, sílim, píosa in Inniu faoi dtaobh de rud adúirt Liam Mac Cosgair “ár gcúltúr i mbaol”. Indiaidh domsa é léamh dúirt mé féin caithfidh go bhfuil an Taoiseach ag labhairt anois i n-éadan an méid adúirt an tAire Poist agus Telegrafa ach nuair a d'féach ar an bhun chonaic mé go ndúirt an Taoiseach sin thart faoi ceithre fhocal. Cé mhéid bliain ó shoin? I 1968. Beidh muid ag fanacht air go bhfeicfidh muid an n-abróidh sé an oiread arís. I mo bharúilsa ní féidir linn neamhshuim a dhéanamh den tionchar a bhí ag 2,000 bliain dár stair ar aigne agus ar mheon ár ndaoine. Fiú amháin an cultúr a d'fás imeasc an tromlacht ins an Iar-Thuaisceart tá lorg aon chultúr Gaeilge air a bheag nó a mhór. Tá sé le tabhairt faoi deara ina cheolta tíre. Bhí suim ag cuid mhór acu sa teanga go bhfacthas dóibh go raibh cúrsaí polaitíochta ag dul i gcion ar an ghluaiseacht aibheochana. Cé nach féidir a shéanadh go bhfuil difríochtaí mhóra idir an dá dream tá cosúlachtaí sa dhá chultúr a bheireann dóchas dúinn.

Ó tháinig an Rialtas seo i réim tá dochar déanta do chúis na teanga. Tá an rud a thugtaí Gaeilge éigeantach air imithe gan aon chóras éifeachtach curtha in a áit a chinnteodh go múinfí an Ghaeilge do gach páiste Éireannach. Le linn domh bheith in oifig rinne mé smaointiú ar an cheist seo—caidé mar a thiocfadh liom deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantacht agus ag an am chéanna [794] córas a chur in a áit a thabharfadh seans d'achan páiste an Ghaeilge a fhoghlaim. Níor tháinig mé ar réiteach na faidhbe agus níl a réiteach ann go fóill.

Nuair a rinneadh an polasaí i leith na Gaeilge a athrú gan córas fiúntach a chur ina áit céim mhillteanach síos don Ghaeilge a bhí ann. Rinne an Comhrialtas éacht mhór—fosclaíodh scoil Dhún Chaoin do chúigear dalta agus choinnigh sin na daoine a bhí ag déanamh callán in a dtost. Tuigeann siad anois an droch-mhargadh a rinneadar nuair a dhíoladar a n-oidhreacht ar shon praiseach gan mhaith.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.


Last Updated: 14/09/2010 22:47:45 First Page Previous Page Page of 53 Next Page Last Page