Written Answers. - Forbairt na Gaeltachta.Thursday, 12 June 1975 |
Dáil Eireann Debate
Page of 46
|
Mr. Harte, Mr. White, Mr. Staunton, Mr. Coogan, Mr. Creed:
and Mr. E. Collins d'Aire na Gaeltachta cad iad na scéimeanna [335] éagsúla a d'fhógair sé i ngach contae ó 1 Bealtaine 1973 go 1 Meitheamh 1975; agus cad é an dul chun cinn atá déanta.
Mr. Cunningham:
d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé, i gcás Ghaeltacht Thír Chonaill, cad iad na scéimeanna forbartha a d'fhógan sé a chuirfí i gcrích faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) monarchana nua agus méadú ar mhonarchana eile (2) tógáil agus feabhsú céanna agus calafort (3) aerstráicí agus córais fharantóireachta (4) scéimeanna bóithre, uisce agus séarachais agus (5) scéimeanna éagsúla eile; agus an abróidh sé cad iad (a) na cinn a tosaíodh agus atá críochnaithe (b) na cinn a tosaíodh agus nach bhfuil críochnaithe go fóill agus (c) na cinn nár tosaíodh go nuige seo.
Mr. Fahey:
and Mr. Kenneally d'Aire na Gaeltachta an ndéarfaidh sé i gcás Ghaeltacht na Rinne cad iad na scéimeanna forbartha a d'fhógair sé faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) monarchana nua agus méadú ar mhonarchana agus (2) feabhsú ar chéanna agus ar chalafoirt; agus an ndéarfaidh sé cad iad na cinn (a) a tosaíodh agus atá críochnaithe (b) a tosaíodh agus nach bhfuil críochnaithe agus (c) nár tosaíodh fós.
Mr. Molloy:
and Mrs. Geoghegan-Quinn d'Aire na Gaeltachta an ndéarfaidh sé i gcás Ghaeltacht Chonamara cad iad na scéimeanna forbartha a d'fhógair sé faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) monarchana nua agus méadú ar mhonarchana (2) feabhsú ar chéanna agus ar chalafoirt agus (3) aerstráicí; agus an ndéarfaidh sé cad iad na cinn (a) a tosaíodh agus atá críochnaithe (b) a tosaíodh agus nach bhfuil críochnaithe agus (c) nár tosaíodh fós.
Mr. O'Connor:
d'Aire na Gaeltachta an ndéarfaidh sé i gcás Ghaeltacht an Daingin cad iad na scéimeanna forbartha a d'fhógair sé faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) monarchana nua agus méadú ar mhonarchana agus (2) feabhsú ar chéanna agus ar chalafoirt; agus an ndéarfaidh sé cad iad na cinn (a) a tosaíodh agus atá críochnaithe (b) a tosaíodh agus nach bhfuil críochnaithe agus (c) nár tosaíodh fós.
Minister for the Gaeltacht (Mr. O'Donnell):
Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 229 agus 251 go 254 le chéile agus cuirfear ráiteas timpeall sa Tuairisc Oifigiúil. Seo a leanas roint eolais faoi scéimeanna oibreacha éagsúla a ceadaíodh nó a fógraíodh sa tréimhse 1 Aibreán, 1973 go 31 Bealtaine, 1975.
Nóta: Bheadh mórchuid saothair ag gabháil le heolas a chur le chéile faoi staid na hoibre i ngach cás thuas. Is féidir a rá, áfach, go bhfuil an obair críochnaithe sna cásanna talmhaíochta seo a leanas:—
Scéimeanna eile a bhfuil feidhm leo ar fud na Gaeltachta:
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge:—Rinneadh na deontais a íoctar le mná tí Gaeltachta— ileith foghlaimeoirí aitheanta a bhíonn ar iostas acu le linn cúrsaí samhraidh—a dhúbailt 1973 agus cuireadh 25 faoin gcéad eile leo i 1975.
Scéim na nIrisí Áitiúla Gaeltachta:—Tugadh an scéim seo isteach d'fhonn iriseoireacht áitiúil a spreagadh.
An Scéim Scoláireachtaí do Cheardcholáistí Réigiúin:—Tugadh an scéim seo isteach ar mhaithe le daltaí Gaeltachta a dhéanann freastal ar chúrsaí trí Ghaeilge sna ceardcholáistí.
Leanadh de na deontais chun cabhrú le tuismitheoirí daltaí arb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh acu agus le daltaí Gaeltachta ar chúrsaí oiliúna.
Cúnamh eile ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an gcultúr dúchais ar fud na tire:
Bunaíodh Bord na Gaeilge chun leas na Gaeilge a chur chun cinn agus go háirithe labhairt na Gaeilge mar theanga bheo a leathnú i measc an phobail.
Cabhraíodh le Siamsa Tíre agus tá dhá theach siamsa tógtha ag an eagras sin i gContae Chiarraí, ceann amháin díobh sa Ghaeltacht.
Tugadh deontais do choláistí cónaithe áirithe lasmuigh den Ghaeltacht i leith foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ar chúrsaí samhraidh acu.
Méadaíodh na deontais bhliantúla d'eagrais áirithe Ghaeilge agus do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
Méadaíodh na deontais do nuachtáin Ghaeilge agus d'irisí áirithe Gaeilge.
II. Gaeltarra ÉireannLíon na miontionscadal a ceadaíodh:
47 (7 gcinn nach bhfuil tosaithe san áireamh).
Lion na miontionscadal a ceadaíodh:
14 (ceann amháin nach bhfuil tosaithe san áireamh).
Lion na miontionscadal a ceadaíodh:
61 (agus ceann amháin nach bhfuil tosaithe san áireamh).
Lion na miontionscadal a ceadaíodh: 10
Lion na miontionscadal a ceadaíodh:
3 (agus ceann amháin nach bhfuil tosaithe san áireamh).
| Áit | Togra | Staid |
|---|---|---|
| Contae na Mí: | ||
| Comhthionscail nua a ceadaíodh: | ||
| Ráth Cairn | Innealtoireacht | Ar siúl |
| Baile Gib | ,, | Tógáil ar siúl |
Comórtas Forbartha Pobal le duaiseanna móra d'fhonn an pobal i ngach ceantar a spreagadh chun leas a gceantair féin a chur chun cinn.
| Last Updated: 14/09/2010 20:16:30 |
Page of 46
|