Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Irish Language Bill of Rights.

Wednesday, 9 November 1983

Dáil Eireann Debate
Vol. 345 No. 9

First Page Previous Page Page of 68 Next Page Last Page

4.

Mr. Foley: Information on Denis Foley  Zoom on Denis Foley  asked the Minister for the Gaeltacht if he has plans to introduce a bill of rights for the Irish language which would give any person who so wishes it the right to transact his or her business with the State through Irish, and which would also include an action plan for the Irish language; and if he will make a statement on the matter.

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Níl i gceist agam Bille mar sin a thabhairt isteach ag an bpointe seo ach tá Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 foilsithe cheana féin. Faoin bPlean sin beidh an Ghaeilge á cur chun cinn i Ranna agus i gcomhlachtaí Stáit i dtreo go mbeidh ar a gcumas freastal ar dhaoine ar mian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Má éiríonn go maith leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun spriocanna a luaitear sa Phlean a bhaint amach b'fhéidir nach mbeidh aon ghále Bille.

Mr. D. Gallagher: Information on Denis Gallagher  Zoom on Denis Gallagher  An n-aontóidh an tAire go bnfuil gá i láthair na huaire le seirbhís níos fearr a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí agus an bhféachfaidh sé chuige go ndéanfar an freastal sin ar dhaoine a dteastaíonn uathu a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge leis na rannóga Stáit. An bhféachfaidh sé leis sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Tá buan-choiste bunaithe agus tá an-dul chun chinn á dhéanamh ag Bord na Gaeilge chun téarmaí an phlean a chur i gcríoch. [1821] Bhíomar ag teangmháil leo, cuir i gcás. inniu maidir leis.

Mr. Mac Giolla: Information on Tomás MacGiolla  Zoom on Tomás MacGiolla  Tá dhá cheist le cur agam ar an Aire: ar dtús, is dócha ceann mar gheall ar an óráid a thug an Taoiseach ag an Ard-Fheis le déanaí:

Aithníonn an Rialtas go bhfuil deacrachtaí ar leith le sárú ag an nGaeilge chun an áit is dual di a bhaint amach agus tá rún daingean againn gach tacaíocht is féidir a thabhairt le húsáid na teanga a chur chun chinn.

Cad iad na moltaí dearfa atá ag an Aire chun an aidhm sin a luaigh an Taoiseach a bhaint amach? Agus an cheist eile faoi Bhord na Gaeilge agus plean Bhord na Gaeilge. Faoin phlean seo deirtear ar leathanach 38, there is the definite target date of October 1983 for the implementation of that particular plan of the Irish Development Committee as an integral and permanent part of the Department's structure and that appropriate authority be given to them. Can the Minister say if these structures have been established and appropriate authority given to them by October 1983.

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Mar fhreagra ar an gcéad cheist ba mhaith liom a rá gurb í an chéim is dearfa a ghlac an Rialtas ná glacadh leis an bplean gníomhaíochta. Ghlac an Rialtas leis sin mar phlean agus táthar ag cur ina luí ar Bhord na Gaeilge go mba cheart dóibh an bun structúr leis an bplean a chur i gcríoch a leagan, agus go deimhin, tá a lán den obair déanta. Mar gheall ar an dara ceist, tá deacrachtaí ar leith a chuireas moill cúpla seachtain nó mí ar bhunú na gcomh-choistí seo. Tá cuid acu leath-bhunaithe agus tá cuid den obair ar siúl. Is cosúil go raibh deacrachtaí nach raibh súil leo ag baint le bunú na gcoistí seo agus níl an locht sin ar Bhord na Gaeilge atá ag plé leis na rudaí seo. Tá a ndícheall á dhéanamh acu.

Mr. Tunney: Information on James C. Tunney  Zoom on James C. Tunney  An mbeadh an tAire sásta iarraidh ar na hAirí eile, chomh fada agus is féidir leo, Gaeilge a úsáid chun dea-shampla a thabhairt ins na [1822] Rannaí; freisin, nuair a bheidh siad ag tabhairt óráidí sa Teach nó taobh amuigh go ndéanfaidh siad úsáid as an Ghaeilge?

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil rún dá phlé sa tSeanad arís inniu — tairiscint oll-pháirtí é ina bhfuil chuile pháirtí sa Teach sin páirteach — agus séard a bhéas á dhéanamh nuair a rithfear an rún — agus ní bheidh aon deacracht ina rith — ná go gcuirfear ar bun coiste Sheanadóirí agus Teachtaí agus as sin, tá súil agam, tiocfaidh níos mó suime sa Ghaeilge agus leathnú ar úsáid na Gaeilge sa dá Theach.

Mr. D. Gallagher: Information on Denis Gallagher  Zoom on Denis Gallagher  Ní mór a thig le Bord na Gaeilge a dhéanamh gan airgead. Cén tacaíocht airgid atá in aigne an Rialtais le plean Bhord na Gaeilge a chur i gcrích?

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Sin ceist a bhaineann le Meastacháin agus idir-bheartaíocht maidir le Meastacháin. Níl na Meastacháin críochnaithe go fóill. Tá a fhios agamsa chomh maith leis an Teachta go bhfuil deacrachtaí foirinne agus airgid ní amháin ag Bord na Gaeilge ach ag daoine eile chomh maith agus beidh mise ag déanamh mo dhíchill breis a chur ar fáil dóibh.

Mr. Molloy: Information on Robert Molloy  Zoom on Robert Molloy  An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil dóthain cléirigh fostaithe sa Dáil chun na díospóireachtaí a chlóbhualadh nuair a bhíonn na díospóireachtaí thart sa Teach? Mar shampla, bhí an tAire ag labhairt anseo ag 8.45 p.m. aréir ach níl an méid sin clóscríofa go fóill mar tá easpa cléirigh fostaithe. An ndéanfaidh an tAire beart éigin chun an fhadhb sin a réiteach?

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Níl eolas agam faoi sin. Ní ormsa atá an cúram sin ach ar an Teach. Is é an Ceann Comhairle ceann an Tí.

Mr. Molloy: Information on Robert Molloy  Zoom on Robert Molloy  B'fhéidir go n-iarrfaidh an tAire ar Roinn na Seirbhise Poiblí——

Mr. O'Toole: Information on Patrick O'Toole  Zoom on Patrick O'Toole  Déanfaidh mé iarracht a fháil amach an bhfuil an méid atá á rá ag [1823] an Teachta fíor, agus glacfainn go bhfuil. Déanfaidh mé mo dhicheall.


Last Updated: 14/09/2010 09:51:45 First Page Previous Page Page of 68 Next Page Last Page