Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oileán Thóraigh (Dún na nGall).Wednesday, 9 November 1983 |
Dáil Eireann Debate
Page of 68
|
Mr. P. Gallagher:
Aire na Gaeltachta (a) an bhfuil iarratas ar láimh aige le seirbhís farantóireachta a chur ar fáil d'Oileán Thóraigh, Contae Dhún na nGall (b) má tá, an bhfuil sé i gceist aige airgead a sholáthar chun tús a chur leis an tseirbhís.
Mr. G. Collins:
asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that Members of the European Parliament from political parties in Ireland, both North and South, have signed a resolution on Tory Island, County Donegal and have called for measures to be introduced to save the way of life of this island community and to provide all-weather ship communications between the island and the mainland; and, if so, the supportive action he proposes to take.
Mr. O'Toole:
Tógfaidh mé Ceisteanna 5 agus 6 le chéile.
Fuair mé iarratas maidir le seirbhís farantóireachta do Thóraigh ach, le go bhféadfaí seirbhís mar sin a chur ar fáil, bheadh áiseanna fóirsteanacha de dhíth i gcuanta ar an oileán agus ar tír mór agus tá an ghné sin den scéal á breithniú.
Tuigim go bhfuil tairiscint a bhaineann le Tóraigh agus le hoileáin eile dá leithéid sínithe ag Teachtaí ón tír seo i bParlaimint na hEorpa ach nach bhfuil sí curtha i láthair go foirmiúil go fóill. Breithneofar an tacaíocht is féidir a thabhairt i dtráth cuí.
Mr. P. Gallagher:
An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil muintir Thóraigh míshásta faoi na háiseanna san oileán? Ní dóigh liom gur cheart don Aire a rá nach féidir bád farantóireachta a chur ar fáil go dtí go mbeidh na háiseanna ansin?
Mr. O'Toole:
Chomh fada agus is eol dom, agus tá comhairle dá cur agam ar dhaoine eile, caithfear survey a dhéanamh faoi na háiseanna. Ní féidir liomsa a rá an bhfuil na háiseanna oiriúnach faoi láthair nó nach bhfuil. Mar [1824] adeir me, caithfear survey a dhéanamh agus caithfimid an toradh a fheiceál. Tá mise sásta iarracht a dhéanamh. Dá mbeadh airgead ar fáil o Pharlaimint na hEorpa, dá mbeadh aon chúnamh ansin, cuirfí fáilte roimh a leithéid, mar atá a fhios ag an Teachta.
Mr. P. Gallagher:
Is rud stairiúil e seo. Os rud é go n-aontaíonn Teachtaí na hEorpa ón Tuaisceart agus on Deisceart obair a dhéanamh faoi seo, nach iontach an rud é nach bhfuil an tAire agus an Rialtas ábalta leadership a thabhairt maidir le seo? Is deacair dul go dtí an Eoraip agus airgead a fháil gan tacaíocht ón Rialtas anseo, agus ceapaim nach bhfuil an Rialtas anseo ag déanamh a ndóthain.
Mr. O'Toole:
Tig leis an Teachta bheith cinnte go bhfuil tacaíocht an Rialtais ag dul do aon iarracht san Eoraip le hairgead breise a fháil. Maidir leis an rud seo, ní hé amháin go bhfuil Teachtaí na hEorpa ó chuile pháirtí páirteach san iarracht seo ach go deimhin tá Teachtaí na hEorpa on tuaisceart páirteach san obair chomh maith, rud a chuireann an-áthas orm.
Mr. Haughey:
Tá súil agam go bhfuil eolas ag an Aire mar gheall ar na hiarrachtaí díograsacha seo chun leas mhuintir Thóraigh a chur chun cinn. An mbeadh sé sásta geallúint a thabhairt dúinn cuidiú in aon tslí is féidir leis leis na hiarrachtaí sin agus go mbeidh cúram speisialta aige maidir le leas mhuintir Thóraigh, mar is oileán an-speisialta é? Ba mhaith liom go mbeadh an tsuim speisialta sin ag Aire na Gaeltachta san oileán. Deirim na rudaí sin mar, tuigeann tú, is oileánach mé féin.
Mr. O'Toole:
Tá súil agam nach mbeidh bád farantóireachta ag teastáil ón Teachta. Tá mo thacaíocht ag dul leis an iarratas seo. Sula rinneadh an iarracht san Eoraip cúpla seachtain ó shin thóg mé orm féin scríobh chuig Teachtaí na hEorpa go léir ag iarraidh orthu a gcuid gualainn a chur leis an iarracht amuigh ansin, agus ag rá leo go ndéanfaimís an rud céanna anseo. Leanfaidh mé leis an iarracht sin. Fuaireamar deontas le haghaidh [1825] bóithre san oileán cúpla seachtain ó shin. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an oileán. Bhí mé ann agus chas mé leis na daoine agus ba mhór an trua gan fíor-iarracht a dhéanamh chun áiseanna a chur ar fáil dóibh.
Mr. D. Gallagher:
An ndéanfaidh an tAire sár-iarracht chun cuidiú a thabhairt do mhuintir Thóraigh mar muna ndéanfear é sin ní bheidh duine ar bith fágtha ann? An dtig leis an Aire insint dúinn an bhfuil plean ar bith leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta leis na seirbhísí atá á n-iarraidh ag Parlaimint na hEorpa le cabhair a thabhairt do mhuintir Thóraigh?
Mr. O'Toole:
Ní fhuaireamar an plean go dtí le déanaí, go deimhin an t-am céanna gur cuireadh ar fáil é do Theachtaí na hEorpa. Tá sé á bhreithniú againn faoi láthair le déanamh amach cén chaoi is fearr leis an fhadhb a réiteach. Tá obair ar siúl againn maidir leis sin.
Mr. McGinley:
Tuigim go bhfuil plean forbhartha curtha ag comharchumann Oileáin Thóraigh roimh an Roinn, agus an féidir leis an Aire a insint an bhfuil iarratas ins an phlean sin ar aerstráice a chur ar fáil ar Oileán Thóraigh?
Mr. O'Toole:
De réir mar is eol dom, is cuid den phlean iomlán é aerstráice a chur ar fáil. Mar a deirim, ní bhfuaireamar an plean seo go dtí le déanaí agus beifear ag breathnú le fáil amach cén chaoi is fearr le cur chuige. Ach is chuid den phlean aerstráice a chur ar an oileán.
An Ceann Comhairle:
Ceist a 7.
Mr. P. Gallagher:
Ceist antábhachtach é seo. Fuair mé litir ón Aire inniu ag rá nach raibh airgead ar bith ag Roinn na Gaeltachta nó ag Údarás na Gaeltachta cun aerstráice a chur ar fáil ar Oileán Thóraigh. Tá áthas orm go bhfuil athrú intinne ar an Aire maidir leis sin.
Mr. O'Toole:
Má léann tú an litir sin tá mé cinnte go bhfaighidh tú amach nach [1826] bhfuil airgead ar bith ann faoi láthair lena leithéid d'áis a chur ar fáil ach beidh neart airgid sa tír seo sar i bhfad.
Mr. P. Gallagher:
An bhfuil an tAire ag rá go mbeidh airgead le fáil le haghaidh aerstráice?
Mr. O'Toole:
Dúirt mé go raibh plean Oileán Thóraigh faigthe agam le cúpla seachtain. Tá an rud seo á phlé agus déanfar cinneadh ar na rudaí seo chomh luath agus is féidir.
An Ceann Comhairle:
Ceist a 7.
Mr. P. Gallagher:
Cé mhéid deontais a íoc an tAire anuraidh leis an tseirbhís poist——
Mr. O'Toole:
Níl an teolas sin agam.
| Last Updated: 14/09/2010 09:51:45 |
Page of 68
|