Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Area Extension.

Wednesday, 20 March 1991

Dáil Éireann Debate
Vol. 406 No. 7

First Page Previous Page Page of 185 Next Page Last Page

  9.  Mr. G. Mitchell  Information on Gay Mitchell  Zoom on Gay Mitchell   asked the Taoiseach  Information on Charles J. Haughey  Zoom on Charles J. Haughey   if he will make an order extending the Gaeltacht area to include part of the Dublin region.

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Cé go n-aithním go bhfuil iarrachtaí nach beag déanta le blianta beaga anuas i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath chun úsáid na Gaeilge a leathadh, ní fhéadfaí á rá go bhfuil aon chuid den cheantar sin ina limistéar ar Ghaeilgeoirí mórchuid de na [1518] daoine ann — coinníoll a gcaithfí a shásamh sula bhféadfaí aitheantas mar Ghaeltacht a thabhairt do cheantar.

Mr. G. Mitchell: Information on Gay Mitchell  Zoom on Gay Mitchell  I regret I cannot pursue the Minister of State through the first language but I note that, after a campaign lasting three years, courses in Irish are at last to be provided for Members of the Houses of the Oireachtas. I expect to be the first Member to avail of them. Would the Minister of State agree that the future of the Irish language lies in Dublin where there is a proliferation of primary schools, one of which is attended by my own children, who will not suffer from the same handicap as I do? Would he further agree that Clondalkin, where there is an indigenous Irish speaking community or indeed Crumlin, would be suitable places for a Dublin Gaeltacht?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Ar ndóigh, aontaím go bhfuil an chathair seo, Baile Átha Cliath, iontach tábhachtach ó thaobh todhchaí na Gaeilge de. Maidir le Cluain Dolcáin, is féidir liom a rá gur thug mé cuairt ar an cheantar sin, agus thug mé deontas flaithiúil dóibh. Ní thagann na ceantair seo faoi na rialacha atá leagtha síos, is é sin go gcaithfidh sé bheith ina limistéar ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, coinníoll a gcaithfí é a chomhlíonadh. Aontaím go bhfuil Baile Átha Cliath iontach tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de agus tá mé féin, mar Aire Stáit na Gaeltachta, ag déanamh mo dhíchill chun cuidiú leis na coistí deonacha go léir atá ag déanmh a lán oibre anseo sa phríomhchathair.

Mr. G. Mitchell: Information on Gay Mitchell  Zoom on Gay Mitchell  I recently visited the headquarters of Údarás na Gaeltachta as Chairman of the Committee of Public Accounts. Would the Minister of State agree that the very modern businesses, including a number of very modern computer communications businesses, in the Gaeltacht would benefit by having a head office in Dublin, perhaps in Crumlin or in Clondalkin which are unemployment black spots, and that the local community [1519] would gain in terms of culture, language and employment?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Tá príomhoifig Roinn na Gaeltachta i gceartlár Bhaile Átha Cliath, agus coicís ó shin, bhí mé féin ag cruinniú de chuid Údarás na Gaeltachta, a bhfuil oifig acu anseo san ardchathair.

Proinsias De Rossa: Information on Prionsias De Rossa  Zoom on Prionsias De Rossa  An aontódh an tAire go gcaithfidh muid a thuilleadh cabhrach a thabhairt dóibh siúd sa chathair seo atá ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge, agus go bhfuil cás maith ann na buntáistí a thugtar do na Gaeltachtaí a thabhairt do na daoine sin sa chathair seo nó in aon chathair eile sa tír atá ag iarraidh a leanaí a thógáil le Gaeilge agus oideachas a thabhairt dóibh trí Ghaeilge?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Maidir le hoideachas a thabhairt do pháistí trí Ghaeilge, is dóigh go bhfuil gach duine sa Teach seo tógtha leis an méid atá á déanamh ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus na scoileanna éagsúla anseo. Maidir le deontais, deontais tithíocthta, agus mar sin de, caithfear bheith lonnaithe sa Ghaeltacht agus caithfear an Ghaeilge bheith mar mheán cumarsáide ag na daoine. Arís, maidir leis an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, tá príomhoifigí Ghael-Linn, Bhord na Gaeilge, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge anseo sa phríomhchathair. B'fhéidir gur cheart dúinn bheith ag smaoineamh ar leathnú amach maidir leis na hoifigí sin.

Mr. Howlin: Information on Brendan Howlin  Zoom on Brendan Howlin  Dúirt an tAire Stáit go raibh rialacha nó coinníolla leaghta síos ag Roinn na Gaeltachta le ceantar Gaeltachta a bhunú. Cad é an sórt córais atá i bhfeidhm i Roinn na Gaeltachta chun iniúchadh a dhéanamh ar cheantar éigin nach bhfuil sa Ghaeltacht i láthair na huaire chun a fháil amach an bhfuil sé oiriúnach ceantar nua Gaeltachta a bhunú.

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Caithfear an Ghaeilge bheith á labhairt ag mórchuid na ndaoine.

[1520]Mr. Howlin: Information on Brendan Howlin  Zoom on Brendan Howlin  Níl mé ag caint faoi rialacha, ach cad é an córas atá ann chun ceantar éigin a mhealladh?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Ar ndóidh, tá staitisticí againn ó dhaonáirimh a bhí againn i 1981 agus 1986, agus beidh siad againn arís i mbliana. Is é an tslat tomhais atá ann ná go gcaithfidh an chuid is mó de na daoine sa cheantar sin bheith ag labhairt Gaeilge nó má tá siad cóngarach nó imeallach don Ghaeltacht, caithfear sin a chur san áireamh chomh maith. Tá reachtaíocht a cuireadh tríd an Teach seo i 1956, agus tá na horduithe éagsúla do 1956, 1967, 1974 agus 1982 ar fáil. Má tá an t-eolas seo ag teastáil ó Theachta ar bith, is féidir sin a chur chuige.

Mr. G. Mitchell: Information on Gay Mitchell  Zoom on Gay Mitchell  Would the Minister at least re-examine the suggestion based on the issues that have been brought up here today? Would he again consider the matter and perhaps communicate with me outside of the House?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Bím sásta i gcónaí agus beidh mé ar fáil leis an cheist seo a phlé le Teachta ar bith sa Teacht seo. Caithfear, áfach, a chur ina luí ar an Teachta Mitchell go mb'fhéidir go bhfuil níos mó daoine ag obair sna hoifigí anseo i mBaile Átha Cliath a bhfuil baint acu leis an Ghaeltacht ná mar atá laistigh den Ghaeltacht agus b'fhéidir go mbeidh orainn athbhreithniú a dhéanamh air sin chomh maith. B'fhéidir gurbh fhearr é a fhágáil mar atá sé.

Proinsias De Rossa: Information on Prionsias De Rossa  Zoom on Prionsias De Rossa  Ba mhaith liom ceist a chur faoi choinníollacha le haghaidh deontas agus uile do chlann sa Ghaeltacht. Nach cóir don Roinn athscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugtar cabhair do na daoine sin atá ag iarraidh a leanaí a thógáil le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Má táimid dáiríre faoi fhorbairt a dhéanamh ar an nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, nach gcaithfear athscrúdú a dhéanamh ar an gcabhair a thugtar do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid?

Mr. Gallagher: Information on Pat the Cope Gallagher  Zoom on Pat the Cope Gallagher  Tá sé soiléir go bhfuil [1521] moltaí ag an Teachta De Rossa, agus má chuireann sé chugam iad beidh mise sásta iad a scrúdú.

An Ceann Comhairle: Information on Seán Treacy  Zoom on Seán Treacy  We now come to questions nominated for priority, to which a rigid time limit applies.


Last Updated: 23/05/2011 04:29:51 First Page Previous Page Page of 185 Next Page Last Page