Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Fostú Saineolaithe ag Bord na Gaeilge.Tuesday, 11 June 1991 |
Dáil Éireann Debate
Page of 129
|
16.
D'fhiafraigh
Mr. M. Higgins
den
Taoiseach
an bhfuil aon saineolaithe ar shochtheangeolaíocht fostaithe go lánaimsireach, go páirt-aimsireach nó ar bhonn conartha ag Bord na Gaeilge le comhairle a chur ar fáil don bhord maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht; agus má tá, an raibh aon bhaint ag na saineolaithe sin le réiteach thuarascáil Uí Eithir ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Mr. Gallagher:
Tuigim ó Bhord na Gaeilge nach bhfuil aon duine mar sin fostaithe nó ar chonradh acu.
Mr. M. Higgins:
An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit, nó ag an Aire féin, aon duine leis na scileanna seo, saineolaí ar shochtheangeolaíocht, a fhostú san am [1335] atá le teacht chun léirmheas a dhéanamh ar an tuarascáil atá luaite sa cheist?
Mr. Gallagher:
Ar ndóigh, ní ceist í sin domsa ná d'Aire na Gaeltachta. Is ceist í do Bhord na Gaeilge, mar bhord reachtúil, agus níl mise ag iarraidh mo ladhar a chur isteach ansin. Is dócha go mbeidh an bord ag plé na ceiste seo iad féin.
Mr. M. Higgins:
An féidir a thuiscint as freagra an Aire Stáit go mbaineann an tuarascáil atáa luaite sa cheist sin — tuarascáil Uí Eithir — le Bord na Gaeilge amháin agus nach bhfuil aon tionchar ag na fíricí sa tuarascáil sin ar pholasaí Stáit, mar shampla?
Mr. Gallagher:
Bímidne i dteagmháil le Bord na Gaeilge go minic faoi seo, agus chuir sé iontas orainn go léir nuair a cuireadh an tuarascáil seo ar fáil. Mhol mé féin é agus dúirt mé sa Teach seo go mb'fhéidir gur mhaith an rud go mbeadh an tuarascáil seo ar fáil ag gach Ball den Oireachtas sa dóigh is mbeimis ábalta é a phlé go poiblí.
Mr. J. Higgins:
An aontódh an tAire Stáit, os rud é go bhfuil a lán coimhlinte ann idir na saineolaithe maidir leis na figúirí faoin méid daoine atá in ann Gaeilge a labhairt, go bhfuil sé thar am againn sa Teach seo díospóireacht iomlán a bheith againn ar chúrsaí na Gaeltachta agus go mórmhór ar chúrsaí na teanga í féin.
Mr. Gallagher:
Aontaím go hiomlán leis. Tá mé sásta an cheist sin a phlé aon am, laistigh den Teach seo nó lasmuigh de.
Mr. J. Higgins:
An bhfuil an tAire Stáit sásta rún mar sin a mholadh sa Teach ionas go mbeimid in ann é seo a dhéanamh.
Mr. Gallagher:
Phléamar an cheist seo, ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta, go minic sa Seanad agus is dócha nach mbeidh fadhb ar bith ann maidir leis sin. Tá mé féin i gceannas an tseachtain seo [1336] agus b'fhéidir go mbeidh mé in ann rud éigin a dhéanamh. Nuair a thiocfaidh an tAire Stát, an Teachta Brady, ar ais b'fhéidir go mbeidh mé in ann rud éigin a shocrú.
An Ceann Comhairle:
The questions we are about to embark upon are questions nominated——
Mr. J. Mitchell:
Is the Minister in the Department yet?
An Ceann Comhairle:
Please, Deputy Mitchell, allow the Chair to intervene at some stage. I was dealing with your questions, Deputy, which are questions nominated for priority in the main. Only 15 minutes are provided under Standing Orders of the House to deal with these five questions and co-operation is required from all concerned.
| Last Updated: 23/05/2011 02:33:00 |
Page of 129
|