Adjournment Debate. - Cúram Sláinte trí Ghaeilge don Ghaeltacht.

Wednesday, 2 November 1994

Dáil Éireann Debate
Vol. 446 No. 6

First Page Previous Page Page of 139 Next Page Last Page

Éamon Ó Cuív: Information on Éamon Ó Cuív  Zoom on Éamon Ó Cuív  Cuireann sé áthas orm deis a fháil an t-ábhar fíor-thábhachtach seo a ardú sa Dáil. Go bunúsach is ceist chearta daonna atá i gceist sa rud atá á ardú agam anocht. Is é sin go mbeidh cúraimí sláinte curtha ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin agus go mbeadh rialacha nó cód cleachtais leagtha síos ag an Aire do na boird sláinte a dheimhneodh go gcuirfí na cúraimí seo ar fáil do mhuintir na Gaeltachta i nGaeilge.

Mar is eol do gach duine is mionlach iad lucht labhartha na Gaeilge sa tír seo agus mar mhionlach tábhachtach ba cheart go dtabharfaí a gceartanna dóibh. Níl sé sin ag tarlú i láthair na huaire. Duine ar bith a théann isteach go dtí Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe, is minic a fheiceann sé seandaoine agus gasraí nach bhfuil aon Bhéarla acu. Bhí mé féin istigh san ospidéal faoi dhó agus tharla go raibh daoine ann nach raibh aon Bhéarla acu. I gcás amháin bhí duine ag fanacht sa gcasualty le haghaidh seirbhíse agus fágadh ann é ar [1698] feadh cúpla uair a chloig. Bhí an duine seo ag iarraidh dul go dtí an leithreas. Rinne sé a mhíle dhícheall é seo a chur in iúl do na banaltrí agus do na dochtúirí a bhí i láthair ach ní raibh duine ná deoraí san áit a thuig céard a bhí á rá aige. Bá mhór an náire é sin i gcúrsaí sláinte.

I gcás eile a chonaic mé bhí duine istigh i gceann de na bardaí san ospidéal céanna ar feadh cúpla seachtain agus gan focal Béarla aige. Sa chás sin bhí sé d'ádh ar an duine sin go raibh duine sa leaba taobh leis gurb as an Ghaeltacht dó freisin. Bhí ar an duine sin an t-aistriúchán a dhéanamh le go dtuigfeadh na dochtúirí agus na banaltraí cad a bhí á iarraidh ag an duine gan Béarla. Nuair a bhíodh deoch uisce fiú á iarraidh, chaithfí aistriuchán a dhéanamh. Ní chreidfeadh duine go bhféadfadh a leithéid a tharlú in Éirinn sa lá atá inniu ann ach tá sé ag tarlú. Is scannal eile é an chaoi a gcaitear le seandaoine as Gaeltacht Chonamara a chuirtear soir go dtí an tospidéal i mBaile Locha Riach, áit nach bhfuil aon Ghaeilge ag bunáite na foirne. Tá sé do-chreite smaoineamh sa lá seo go gcuirtear daoine atá ar bheagán Bhéarla — agus tá go leor de sheandaoine Chonamara ar bheagán Bhéarla, agus cuid acu gan aon Bhéarla acu — go gcuirtear soir iad go dtí áit stráinséartha nach bhfuil a dteanga féin le fáil ann agus cuirtear cúram orthu trí mhéan an Bhéarla. Ar bhonn chearta daonna níl sé seo sásúil. Caithfear deireadh a chur leis. Caithfear féachaint chuige go bhfuil an fhoireann curtha ar fáil chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil do mhuintir na Gaeltachta i dteanga na Gaeilge. Caithfear a chinntiú freisin go bhfuil dóthain soláthair déanta go mbeadh cúram do sheandaoine curtha ar fáil sa Ghaeltacht trí Ghaeilge. Ní ceart go mbeadh lucht na Gaeltachta nó lucht na Gaeilge mar mhionlach gan cearta in a dtír féin. Tugtar go leor ómóis bhéil don Ghaeilge ach go minic ní dhéantar aon fhreastal ar an dream is boichte agus ar an dream is sine agus ar an dream is óige gurb í an Ghaeilge an chéad teanga acu. Iarraim ar an Aire a chinntiú go leagfar síos cód [1699] cleachtais do na boird sláinte a dheimhneódh go bhfuil a gcearta teanga tugtha do mhuintir na Gaeltachta agus a chinnteodh go bhfuil an fhoireann curtha ar fáil a bheadh in ann na seirbhísí seo a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge do na daoine seo agus nach leanfaidh an scannal seo níos faide. Is scannal millteanach é. B'fhéidir gur scannal rúnda é ach is scannal mar sin féin é.

An tAire Sláinte (Mr. Howlin): Information on Brendan Howlin  Zoom on Brendan Howlin  I Lúnasa na bliana seo caite scríobh mo Roinn chuig na fostóirí go léir sna seirbhísí sláinte chun a n-aire a dhíriú ar pholasaí an Rialtais maidir le forbairt an dátheangachais. Cuireadh timpeall treoir um chláracha gníomhaíochta sna cumainn Stáit, a d'ullmhaigh an t-Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, de réir na bhforálacha atá leagtha amach i gClár an Rialtais. Cuireadh faoi bhráid na n-eagraíochtaí an ceart atá ag saoránaigh a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla de réir a rogha féin, agus iarradh orthu oifigeach sinsearach a cheapadh a mbeadh de chúram aige an dátheangachas a neartú. Chomh maith leis sin iarradh ar eagraíochtaí cláracha gníomhíochta a leagan amach agus cóipeanna a chur chuig mo Roinn féin, Roinn na n-Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus Bord na Gaeilge.

Tá tábhacht faoi leith ann, measaim, cur ar chumas seandaoine atá ina gcainteoirí dúchais na Gaeilge, labhairt ina dteanga féin le banaltraí, le dochtúirí is leis an gcuid eile den fhoireann sa tseirbhís sláinte. Ní foláir go mbeadh daoine sa tseirbhís sláinte in ann an Ghaeilge a thuiscint agus freagra a thabhairt as Gaeilge. Tá sé deacair go leor do sheandaoine déileáil le tinneas gan an deacracht bhreise a bheith acu comhrá a dhéanamh i dteanga nach í a dteanga dúchais.

Táim sásta go bhfuil sé de nós ag na boird sláinte a bhfuil ceantair Gaeltachta suite iontu, foireann dátheangach a bheith ag obair acu, sna háiteacha sin. B'fhéidir go bhfuil cuid bheag eisceachtaí ann, de bharr an bord a bheith ag [1700] deimhniú go bhfuil scileanna riachtanacha ar fáil sa cheanntar. Sa chás sin tá an seans ann go mbeidh orthu duine a fhostú nach bhfuil an Ghaeilge go maith aige. Tá fhios agam go gcuireann na boird sláinte ranganna Gaeilge ar fáil do bhaill na foirne atá fostaithe i gceantair Ghaeltachta agus dóibh siúd a bhfuil cúraimí acu i dtaobh na nGaelscoileanna.

Má tá aon fhadhb faoi leith ar eolas ag an dTeachta b'fhéidir go gcuirfeadh sé an scéal faoi mo bhráid agus déanfaidh mé fiosrúcháin leis an mbord sláinte atá i gceist.

Táim buíoch den Teachta as ucht an deis a thug sé dom polasaí mo Roinn ar an ábhar tábhachtach seo a léirú don Dáil.


Last Updated: 21/05/2011 22:16:11 First Page Previous Page Page of 139 Next Page Last Page