Written Answers. - Contae Na Gaillimhe CCTV.Tuesday, 11 February 1997 |
Dáil Éireann Debate
Page of 259
|
175.
D'fhiafraigh
Éamon Ó Cuív
den
Aire Oideachais
ó tharla go ndúirt sí i bhfreagra Dála ar an 19ú Nollaig, 1996 go ndéanfar cinneadh ar iarratais ar CCTV do ghasúr (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe, go luath san Athbhlian, an bhfuil an cinneadh seo déanta anois agus cén cinneadh a tógadh.
[3630/97]
Minister for Education (Ms Bhreathnach):
Is ceann de roinnt iarratas ar threalamh speisialta atá á scrúdú ag an Roinn an cás a bhfuil an Teachta ag tagairt dó.
Agus achainíocha den chineál seo á mbreathnú ag an Roinn, ní mór an tosaíocht ó thaobh riachtanais de i measc na n-iarratasóirí a mheas i bhfianaise na n-acmhainní atá ar fáil.
Tuigim go gcuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi thoradh an phróisis sin go han-luath.
| Last Updated: 21/05/2011 06:33:28 |
Page of 259
|