Written Answers - Laghdú Draimhe.Thursday, 23 October 1997 |
Dáil Éireann Debate
Page of 103
|
28.
D'fhiafraigh
Mr. Sargent
den
Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán
cé mhéad páipéir athchúrsáilte a úsáidtear ina Roinn agus na bealaí eile atá ann chun méid na dramhaíola a laghdú.
[17419/97]
[342]Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera):
Tá an paipéar stríoctha a úsáideann mo Roinnse déanta as páipéar athchúrsáilte 100 faoin gcéad. Chomh maith leis sin, tá na clúdaigh litreach a úsáidtear i mo Roinnse déanta as páipéar athchursáilte 90 faoin gcéad.
Déanann foireann mo Roinne gach dícheall an méid dramhpháipéir a laghdú a mhéad is féidir trí, mar shampla, sean-chlúdaigh litreacha a athúsáid oiread agus is féidir.
| Last Updated: 21/05/2011 02:58:13 |
Page of 103
|