Written Answers. - Fóirne Scoile.Wednesday, 1 December 1999 |
Dáil Éireann Debate
Page of 215
|
110.
D'fhiafraigh
Mr. Sargent
den
Aire Oideachais agus Eolaíochta
cé mhéad múinteoirí bunscoile a bhí ar sos gairme le linn 1998-99, 1997-98 agus 1996-97; cé mhéad múinteoirí bunscoile a bhí ar iasacht óna bpostanna sa Roinn nó san Oireachtas, cuir i gcás, le linn na mblianta céanna; an bhfuil sé sásta go mbíonn dóthain oidí cáilithe breise ann chun na bearnaí seo sna seomraí ranga a líonadh; agus, mura bhfuil, cad atá á dhéanamh aige faoi.
[25169/99]
Minister for Education and Science (Mr. Martin):
Tá an t-eolas a lorg an Teachta tugtha sa tábla leis seo.
| Bliain | Lion múinteoiríar Iasacht | Líon múinteoiríar Shos Gairme. |
|---|---|---|
| 1996/97 | 130 | 856 |
| 1997/98 | 136 | 850 |
| 1998/99 | 175 | 814 |
Ón uair a ceapadh mé bhí imní orm go raibh pearsanra neamhoilte ag obair sa chóras bunscolaíochta. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil réimse beart tugtha isteach agam chun an soláthar bunmhúinteoirí oilte a mhéadú go suntasach. Tógadh míle agus fiche is a hocht bunmhúinteoir faoi oiliúint isteach sna coláistí oideachais sa seisiún 1998-99 agus meastar go nglacfar le míle bunmhúinteoir faoi oiliúint sa bhliain acadúil 1999-2000.
Idir na blianta acadúla 1999 agus 2000 beidh iomlán de 1,380 múinteoir nua-oilte ar tí a gcuid a gcáilíochtaí a fháil ó na coláistí oideachais. Áirítear ansin 180 duine a gheobhaidh a gcuid cáilíocht roimh dheireadh na scoilbhliana reatha. Is ionann e sin agus méadú mór i líon na gcéimithe oilte i gcomparáid le 1995 nuair a bhain 291 duine cáilíochtaí amach.
Cuireann sé áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil roinnt tionscnamh eile ceadaithe agam chun an líon pearsanra neamhoilte a laghdú. Aithnítear anois mar chéimithe láncháilithe céimithe B.Ed ó St. Mary's College, Béal Feirste, a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge mar ábhar dá gcáilíocht mhúinteoireachta go leibhéal onóracha.
Ó mhí Meán Fómhair 1998 i leith íoctar gach duine a bhfuil bunchéim acu agus a bhfuil ard-dioplóma san oideachas acu mar mhúinteoirí ionadaíocha lánoilte.
Aithnítear freisin múinteoirí atá oilte mar mhúinteoirí Montessori agus a chríochnaigh, go rathúil, an cúrsa trí bliana i St. Nicholas, Dún Laoghaire agus an AMI atá aitheanta ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oireachais mar mhúinteoirí ionadaíocha lánoilte.
Tá an cinneadh a thóg mé aitheantas iomlán a thabhairt do mhúinteoirí lánoilte a fuair a gcuid oiliúna lasmuigh den Stát chun gur féidir leo múineadh i gcatagóirí áirithe scoileanna agus ran[262] ganna gan cáilíocht sa Ghaeilge a bheith riachtanach ag cuidiú le soláthar bunmhúinteoirí oilte a chur ar fáil.
Táim muiníneach go laghdóidh na bearta sin líon an múinteoirí neamhoilte go suntasach.
| Last Updated: 20/05/2011 16:18:26 |
Page of 215
|