Written Answers. - Harbours and Piers.Wednesday, 24 May 2000 |
Dáil Eireann Debate
Page of 190
|
204.
D'fhiafraigh
Mr. McGinley
den
Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán
an eol di an droch-bhail atá ar Chéidh Thamhnaigh (Cill Chártha) agus an bhfuil aon phleananna le hoibreacha feabhsúcháin a cheadú go luath.
[14615/00]
Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív):
Ní miste á rá i dtosach go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as an saoráid calaíochta atá luaite ag an Teachta agus nach bhfuil aon iarratas faighte ag mo Roinn-se ón gcomhairle contae ar chabhair chun an saoráid calaíochta sin a fheabhsú agus a fhorbairt.
An méid sin ráite, ach iarratas maraon le meastacháin costais agus sonraíochtaí a bheith fáighte ón gcomhairle contae déanfar an cás a mheas sa ghnáthbhealach.
| Last Updated: 11/09/2010 03:12:33 |
Page of 190
|