Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.Thursday, 22 March 2001 |
Dáil Eireann Debate
Page of 137
|
122.
D'fhiafraigh
Mr. McGinley
den
Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán
an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do Chéibh Thrá na mBláthann (Oileán Ghabhla) i nDún na nGall agus an gceadóidh sí deontas don obair.
[8448/01]
Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Ms Coughlan):
D'íoc mo Roinn deontas £20,000 le Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 1998 chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcríoch ar Chéibh Thrá na mBláthann ar Oileán Ghabhla. Tá iarratas eile ar chúnamh le haghaidh deic coincréide a chur ar an gcéibh seo faighte ón gComhairle Chontae anois agus tá sé á mheas i gcomhthéacs na n-iarratas eile atá faighte ag mo Roinnse agus an méid airgid atá ar fáil dom le caitheamh ar thograí oileánda.
| Last Updated: 10/09/2010 22:56:51 |
Page of 137
|