Written Answers. - Industrial Development.Tuesday, 5 November 2002 |
Dáil Eireann Debate
Page of 511
|
716.
D'fhiafraigh
Mr. McGinley
den
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
cad é méid an deontais a ceadaíodh do thionscal (sonraí tugtha), an líon daoine a fostaíodh, an méid den deontas atá íoctha go dáta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.
[20102/02]
Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív):
De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá deontais de €214,563 ceadaithe agus €71,105 de sin íoctha leis an gcomhlacht go dáta. Is comhlacht réasúnta nua é seo le sprioc de 20 post nuair a [916] bheidh sé faoi lánseol. Tá ochtar fostaithe ann faoi láthair.
| Last Updated: 10/09/2010 17:46:14 |
Page of 511
|