Written Answers - An Ghaeilge.Tuesday, 16 May 2006 |
Dáil Eireann Debate
Page of 417
|
121.
D'fhiafraigh
Mr. Sargent
den
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
an bhfógróidh sé níos forleithne na deiseanna fostaíochta cóir a bheith ann do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil agus in Éirinn má tá Acht na dTeangacha Oifigiúila le cur i bhfeidhm i gceart.
[18164/06]
Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív):
Tuigfidh an Teachta nach bhfuil freagracht ormsa, mar Aire, deiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil, ná in Éirinn fiú, seachas i mo Roinn féin, b’fhéidir, a fhógairt.
Mar chabhair don Teachta, áfach, tá socraithe agam go gcuirfí chuige téacs an ráitis a d’eisigh EPSO, oifig earcaíochta an Aontais Eorpaigh, ar 5 Bealtaine seo caite maidir le 30 post atá fógraithe acu siúd d’aistritheoirí Gaeilge.
Question No. 122 answered with Question
No. 80.
| Last Updated: 03/11/2010 23:35:33 |
Page of 417
|