Minister for Foreign Affairs (Deputy Micheál Martin):
Tairgim:
“GO ndéanfar an ráiteas atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Rún seo a fhorordú mar fhaisnéis do vótálaithe de bhun alt 23 d’Acht an Reifrinn 1994 (Uimh.12 de [851]1994), i ndáil leis an togra chun Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú, atá ar áireamh sa Bhille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009, agus is ábhar do reifreann bunreachta.
An Sceideal
An Reifreann ar Chonradh Liospóin
Déanfar, le Conradh Liospóin, athruithe áirithe ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. In Éirinn, ní féidir Conradh Liospóin a dhaingniú ach amháin má thoilítear le leasú ar an mBunreacht trí reifreann. Iarrfar ort an dtoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009, lena mbeartaítear forálacha an Bhunreachta a bhaineann le comhaltas na hÉireann den Aontas Eorpach a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta. Leis an leasú beartaithe,dhéanfaí-
(a) tiomantas na hÉireann i leith an Aontais Eorpaigh a dhearbhú,
(b) a chumasú d’Éirinn Conradh Liospóin a dhaingniú agus a bheith ina comhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear leis an gConradh sin,
(c) forálacha an Bhunreachta a thabhairt cothrom le dáta, rud a chinnteoidh go mbeidh comhoiriúnacht dhlíthiúil idir dlí na hÉireann agus dlí an Aontais Eorpaigh,
(d) a ligean d’Éirinn comhaontú le bearta áirithe faoi na conarthaí arna leasú le Conradh Liospóin, faoi réir ceadú a fháil roimh réó dhá Theach an Oireachtais, agus
(e) an toirmeasc atá ar Éirinn dul isteach in aon socrú comhchosanta de chuid an Aontais Eorpaigh a athdhearbhú,
agus tá an leasú beartaithe leagtha amach mar áis tagartha anseo thíos.
Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009—
(a) na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht:
‘4° Dearbhaíonn Éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn.
5° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007 (“Conradh Liospóin”), a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin.
6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na noibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac—
(i) an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna,
(ii) na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó
[852]
(iii) comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo,
ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
7° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú—
(i) a bhfuil feidhm ag Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le comhar feabhsaithe maidir leo,
(ii) faoi Phrótacal Uimh. 19 ar acquis Schengen arna chomhtháthú isteach i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh), agus
(iii) faoi Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal amhlaidh, lena n-áirítear an rogha go scoirfidh an Prótacal sin Uimh. 21, go hiomlán nó go páirteach, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát,
ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh réó dhá Theach an Oireachtais.
8° Tig leis an Stát aontú leis na cinntí, leis na rialacháin nó leis na gníomhartha eile arna ndéanamh—
(i) faoin gConradh ar an Aontas Eorpach agus faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh áúdarú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gníomhú ar shlí seachas d’aontoil,
(ii) faoi na conarthaí sin lena núdaraítear an gnáthnós imeachta reachtach a ghlacadh, agus
(iii) faoi fhomhír (d) d’Airteagal 82.2, faoin tríú fomhír d’Airteagal 83.1 agus faoi mhíreanna 1 agus 4 d’Airteagal 86 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais,
ach beidh aontú le haon chinneadh, rialachán nó gníomh den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh réó dhá Theach an Oireachtais.
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcás go mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.’,
(b) an téacs seo a leanas a scriosadh as an gcéad abairt d’fho-alt 3° d’alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht:
‘den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d’Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus’,
(c) an dara habairt den fho-alt sin 3° a scriosadh, agus
(d) fo-ailt 4°, 5°, 6°, 7°, 8°, 9°, 10° agus 11° d’alt 4 d’Airteagal 29 den Bhunreacht a scriosadh.
[853]
MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.
MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.
Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh nó a fháil saor in aisce in aon Phost-Oifig.
I move:
THAT the statement set out in the Schedule to this Resolution be prescribed for the information of voters pursuant to section 23 of the Referendum Act 1994 (No. 12 of 1994), in relation to the proposal to amend Article 29 of the Constitution which is contained in the Twenty-Eighth Amendment of the Constitution (Treaty of Lisbon) Bill 2009, and is the subject of a constitutional referendum.
Schedule