Written Answers - Gréasán Bóithre.Wednesday, 18 November 2009 |
Dáil Eireann Debate
Page of 211
|
237.
D’fhiafraigh
Deputy Eamon Gilmore
den
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
an bhfuil sé chun sochar airgid a chur ar fáil in 2010 le hobair feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóthair áise ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.
[41984/09]
Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Deputy Éamon Ó Cuív):
Ón mbliain 2002 go dáta, tá os cionn €1.3m ceadaithe i ndeontais ag mo Roinnse do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun oibreacha a chur i gcrích ar bhóithre áise ar oileáin i gContae Dhún na nGall faoin Scéim Mionoibreacha d’Oileáin. Bhain €983,853 de seo le bóithre ar Oileán Árainn Mhór amháin. Beidh cinneadh maidir le maoiniú tograí i 2010 faoi na scéimeanna éagsúla atá ag mo Roinnse ag brath ar an soláthar airgid a bheidh ar fáil agus ar an líon gealltanas atá ann cheana a d’fhéadfadh a bheith le cur i gcrích i gcaitheamh na bliana sin.
| Last Updated: 15/12/2010 17:32:54 |
Page of 211
|