Written Answers - Íocaíochtaí DeontasTuesday, 31 May 2011 |
Dáil Éireann Debate
Page of 296
|
127.
D’fhiafraigh
Éamon Ó Cuív
den
Aire Oideachais agus Scileanna
an gceadófar airgead faoin scéim oibreacha samhraidh do scoil (sonraí tugtha) de bharr chomh tais agus atá an scoil agus an drochthionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar shláinte na ngasúr sa scoil.
[13278/11]
Minister for Education and Skills (Deputy Ruairí Quinn):
Táim ábalta a dheimhniú go ndearna an scoil dá dtagraíonn an Teachta iarratas ar chuid de na fuinneoga a athrú faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2011. Fógraíodh liosta de 453 scoil an 30 Márta 2011. Faoi mhaoiniú Scéim Oibreacha Samhraidh na bliana seo tugadh tosaíocht d’iarratais ó scoileanna ar oibreacha gáis, meicniúla agus leictreachais agus tá aiféala orm nár roghnaíodh iarratas na scoile atá i gceist. Tá litir á chur sin in iúl seolta chuig an scoil. Cé go bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil do thionscadail scoile faoi Thionscnamh Post an Rialtais tá aiféala orm nár éirigh leis an iarratas dá dtagraítear dó faoin Tionscnamh mar gur ghá tosaíocht a thabhairt do chatagóirí oibre ar chinn eile.
| Last Updated: 08/03/2013 21:36:20 |
Page of 296
|