Minister for Public Expenditure and Reform (Deputy Brendan Howlin):
Tairgim:
GO ndéanfar leis seo, d’ainneoin aon ní sna Buan-Orduithe, Rún an 14 Meán Fómhair 2011 ón Dáil i dtaobh Ráitis mar Fhaisnéis do Vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Luach Saothair Breithiúna), 2011 a chealú agus go ndéanfar an ráiteas a leagtar amach sa Sceideal a ghabhann leis an Rún seo a fhorordú mar fhaisnéis do vótálaithe de bhun alt 23 d’Acht an Reifrinn, 1994 (Uimh. 12 de 1994), i ndáil leis an togra chun Airteagal 35 den Bhunreacht a leasú, ar togra é atá sa Bhille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Luach Saothair Breithiúna), 2011 agus atá ina ábhar do reifreann bunreachta.
An Sceideal
Reifreann a bhaineann le Luach Saothair Breithiúna
Is é atá beartaithe leis an mBille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Luach Saothair Breithiúna), 2011 alt 5 d’Airteagal 35 den Bhunreacht, lena ndéantar socrú nach cead laghdú a dhéanamh ar thuarastal breithimh an fad is bheidh an breitheamh in oifig, a scriosadh agus an t-alt seo a leanas a chur ina ionad:
[218]
‘5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar luach saothair breithiúna an fad is a bheidh siad in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
2° Tá luach saothair breithiúna faoi réir gearradh cánacha, tobhach nó muirear eile a ghearrtar le dlí ar dhaoine i gcoitinne nó ar dhaoine a bhaineann le haicme áirithe.
3° Más rud é, roimh an alt seo a achtú nó dáéis sin, go ndearnadh nó go ndéantar laghduithe le dlí ar luach saothair daoine a bhaineann le haicmí daoine a n-íoctar a luach saothair as airgead poiblí agus go luaitear sa dlí sin gur ar mhaithe le leas an phobail na laghduithe sin, féadfar socrú a dhéanamh freisin le dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar luach saothair breithiúna.’.
MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.
MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.
Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh nó a fháil saor in aisce in aon Phost-Oifig.
I move:
THAT, notwithstanding anything in Standing Orders, the Resolution of the Dáil of 14th September, 2011 in respect of a Statement for Information of Voters in relation to the Twenty-Ninth Amendment of the Constitution (Judges’ Remuneration) Bill 2011 be hereby rescinded and that the statement set out in the Schedule to this Resolution be prescribed for the information of voters pursuant to section 23 of the Referendum Act 1994 (No. 12 of 1994), in relation to the proposal to amend Article 35 of the Constitution which is contained in the Twenty-Ninth Amendment of the Constitution (Judges’ Remuneration) Bill 2011 and is the subject of a constitutional referendum.
Schedule