Written Answers - Múineadh Teangacha EachtrachaTuesday, 21 February 2012 |
Dáil Éireann Debate
Page of 495
|
220.
D’fhiafraigh
Peadar Tóibín
den
Aire Oideachais agus Scileanna
an dtabharfaidh sé eolas faoin líon Múinteoirí Cuairte atá ag múineadh teangacha Eorpacha (Fraincis, Iodáilis, Gearmáinis, Spáinnis) i dTionscnamh na Nua-Theangacha sa Bhunscoil (MLPSI-450); cén líon daoine a chaillfidh a gcuid post de bharr chinneadh an Rialtais; agus cé mhéid airgid a shábhálfaidh an Rialtas.
[9251/12]
Minister for Education and Skills (Deputy Ruairí Quinn):
Mar chuid de chinntí Buiséid 2012 atáthar tar éis a fhógairt, tiocfaidh deireadh le Tionscnamh na Nuatheangacha i mBunscoileanna ag deireadh na scoilbhliana 2011/2012.
Caithfear an €2.5 milliún de choigiltí a bheidh ann de bharr an bhirt seo ar chostas feidhmithe na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, atá ina thiomantas lárnach i gClár an Rialtais.
Ó ceapadh im Aire Oideachais agus Scileanna mé, táim tar éis labhairt arís agus arís eile faoin ngá le caighdeáin oideachasúla a ardú. Chomh fada is a bhaineann le leasú an churaclaim, is iad na tosaíochtaí sa tréimhse atá amach romhainn ná an ghnóthachtáil sa litearthacht agus san uimhearthacht a neartú, leasuithe a chur i bhfeidhm sa mhatamaitic, sa Ghaeilge agus san eolaíocht, agus leasuithe sa Teastas Sóisearach a chur chun cinn.
Faoi Thionscnamh na Nuatheangacha fostaíonn tuairim is 270 bunscoil teagascóirí páirtaimseartha chun teagasc teanga a sholáthar. Íocann Boird Bhainistíochta scoileanna na teagascóirí seo as deontais a eisíonn mo Roinnse. Tiocfaidh deireadh le fostú teagascóirí ag na scoileanna seo faoi Thionscnamh na Nuatheangacha ag deireadh na scoilbhliana reatha.
| Last Updated: 08/03/2013 15:53:44 |
Page of 495
|