Written Answers - An Fhoireann RannachTuesday, 21 February 2012 |
Dáil Éireann Debate
Page of 495
|
404.
D’fhiafraigh
Peadar Tóibin
den
Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
ós rud é gur eagraíocht é Foras na Gaeilge atá freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT), do na Ranna atá faoi cheannas an Aire Jimmy Deenihan agus an Aire Carál Ní Chuilin go háirithe, agus gur eagraíocht uile-oileáin é, agus réimse leathan cúraimí air, ach é[467]freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn go sonrach, rud a chiallaíonn gur eagraíocht é atá ag plé le cúraimí a thagann faoi scáth na pleanála teanga, cén fáth, mar sin, nach bhfuil oiread is duine amháin atá cáilithe sa Phleanáil Teanga fostaithe ag Foras na Gaeilge; cé go bhfuil cáilíocht pleanála teanga ag leibhéal máistreachta ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le thart ar cúig bliana anuas, tráth a bhfuil go leor fostaíochta curtha ar fáil ag an eagraíocht.
[9643/12]
Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Deputy Dinny McGinley):
Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 111 ar 1 Feabhra 2012.
Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur ceist í d’Fhoras na Gaeilge sa chéad áit cinntí a dhéanamh faoi na cáilíochtaí a mheastar a bheadh riachtanach d’aon phost san áisíneacht.
| Last Updated: 08/03/2013 15:54:20 |
Page of 495
|